Chuir Evin Incir, Jakop G. Dalunde, Charlie Weimers agus Cornelia Ernst na tairiscintí i gcomhair rún óna ngrúpaí i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Antonio López-Istúriz White, thar ceann an Ghrúpa PPE, Thijs Reuten, thar ceann an Ghrúpa S&D, Abir Al-Sahlani, thar ceann an Ghrúpa Renew, Francisco Guerreiro, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Dorien Rookmaker, thar ceann an Ghrúpa ECR, Patricia Chagnon, thar ceann an Ghrúpa ID, Fabio Massimo Castaldo, Feisire neamhcheangailte, Carina Ohlsson, Guy Verhofstadt, Mounir Satouri agus Susanna Ceccardi.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Michaela Šojdrová, Mick Wallace (D'iarr an tUachtarán ar an gcainteoir cloí le hábhar na díospóireachta), Stanislav Polčák agus Clare Daly (D'iarr an tUachtarán ar an gcainteoir cloí le hábhar na díospóireachta).