Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le loingsithe dramhaíola agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 [COM(2021)0709 - C9-0426/2021 - 2021/0367(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Pernille Weiss (A9-0290/2022)
Bhí díospóireacht tarlaithe an 16 Eanáir 2023 (ítim 16 de mhiontuairiscí an 16.1.2023). Bhí vótáil thosaigh déanta ar an 17 Eanáir 2023 agus bhí an t-ábhar tarchurtha ar ais chuig an gcoiste freagrach chun caibidlíocht idirinstitiúideach a dhéanamh air, faoi Riail 59(4) ar an 17 Eanáir 2023 (ítim 5.3 de mhiontuairiscí an 17.1.2023).