Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna a bheartaítear lena n-úsáid sa duine agus lena n-aisghairtear Treoracha 2002/98/CE agus 2004/23/CE [COM(2022)0338 - C9-0226/2022 - 2022/0216(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Nathalie Colin-Oesterlé (A9-0250/2023)
Bhí vótáil thosaigh déanta ar an 12 Meán Fómhair 2023 agus bhí an t-ábhar tarchurtha ar ais chuig an gcoiste freagrach, i gcomhréir le Riail 59(4) (ítim 6.4 de mhiontuairiscí an 12.9.2023).