TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 3 : COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS
Riail 26 : Comhdhéanamh Chomhdháil na nUachtarán
1. Beidh Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta d'Uachtarán na Parlaiminte agus de Chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Féadfaidh Cathaoirleach grúpa pholaitiúil socrú a dhéanamh go bhfeidhmeoidh comhalta den ghrúpa sin thar a cheann nó thar a ceann.
2. Tar éis don Uachtarán deis a thabhairt dóibh a dtuairimí a chur in iúl, iarrfaidh Uachtarán na Parlaiminte ar dhuine de na Feisirí neamhcheangailte freastal ar chruinnithe de chuid Chomhdháil na nUachtarán, ach ní bheidh aon cheart vótála ag an duine sin.
3. Féachfaidh Comhdháil na nUachtarán le teacht ar chomhthoil faoi na nithe a tharchuirtear chuige.
I gcás nach féidir teacht ar chomhthoil, déanfar vótáil ar an ní de réir ualú atá bunaithe ar an líon Feisirí i ngach grúpa polaitiúil.