Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Iúil 2024
EPUB 161kPDF 852k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE AGUS CUNTASACHT PHOLAITIÚIL
CAIBIDIL 1 : CEAPACHÁIN

Riail 129 : Toghadh an Choimisiúin

1.   Déanfaidh an tUachtarán a iarraidh ar Uachtarán toghaí an Choimisiúin, i gcomhréir le treoirlínte polaitiúla an Uachtaráin thoghaí, struchtúr pleanáilte an Choimisiúin nua a chur in iúl don Pharlaimint mar aon leis an gcaoi a ndéanfar freagrachtaí (cúraimí) a leithdháileadh i gColáiste nua na gCoimisinéirí atá beartaithe agus saincheisteanna cothrománacha eile, go háirithe cothromaíocht insnce sa Choláiste sin.

2.   Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, a iarraidh ar na hainmnithigh arna moladh ag Uachtarán toghaí an Choimisiúin agus ag an gComhairle do na poist éagsúla mar Choimisinéirí láithriú os comhair na gcoistí nó na gcomhlachtaí cuí de réir na réimsí ionchasacha freagrachta a bheidh acu.

3.   Is iad na coistí a stiúrfaidh na héisteachtaí deimhniúcháin. Ar bhonn eisceachtúil, féadfar éisteacht deimhniúcháin a reáchtáil i bhformáid dhifriúil i gcás ina bhfuil freagrachtaí ag an gCoimisinéir ainmnithe ar freagrachtaí cothrománacha iad a bhformhór, ar choinníoll go mbeidh na coistí freagracha páirteach in éisteacht deimhniúcháin den sórt sin.

Tionólfar na héisteachtaí deimhniúcháin go poiblí.

4.   Iarrfaidh an coiste cuí nó na coistí cuí ar an gCoimisinéir ainmnithe ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt. Déanfar na héisteachtaí deimhniúcháin a eagrú ar shlí a fhágann go mbeidh ar chumas na gCoimisinéirí ainmnithe an fhaisnéis iomchuí go léir a nochtadh don Pharlaimint. Déanfar forálacha a bhaineann le heagrú éisteachtaí deimhniúcháin den sórt a leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (1).

5.   Tabharfar cuireadh d’Uachtarán toghaí coláiste na gCoimisinéirí agus a gclár a chur i láthair ag suí den Pharlaimint. Tabharfar cuireadh d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus d’Uachtarán na Comhairle a bheith i láthair ag an suí sin. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis.

6.   Chun an díospóireacht sin a thabhairt chun críche, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm ag Riail 136(3) go (8).

7.   Tar éis na vótála ar thairiscint i gcomhair rúin, toghfaidh an Pharlaimint an Coimisiún, nó diúltóidh sí dó, le tromlach na vótaí a chaitear agus le glaoch rolla. Féadfaidh an Pharlaimint an vótáil a chur siar go dtí an chéad suí eile.

8.   Cuirfidh an tUachtarán in iúl don Chomhairle cibé acu a toghadh an Coimisiún nó a diúltaíodh dó.

9.   Más rud é, le linn théarma oifige an Choimisiúin, go dtarlaíonn athrú substaintiúil ar chúraimí nó athrú ar chomhdhéanamh an Choimisiúin, iarrfar ar na Coimisinéirí lena mbaineann, nó ar aon Choimisinéirí ainmnithe eile, páirt a ghlacadh in éisteacht deimhniúcháin arna tionól i gcomhréir le mír

10.   II gcás ina dtarlaíonn athrú ar chúraimí an Choimisinéara nó ar leasanna airgeadais Coimisinéara le linn a théarma nó a téarma oifige, beidh an staid sin faoi réir ghrinnscrúdú na Parlaiminte i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.

Má shainaithnítear coinbhleacht leasa le linn téarma oifige Coimisinéara agus má mhainníonn an Coimisiún moltaí na Parlaiminte maidir le réiteach na coinbhleachta leasa sin a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar Uachtarán an Choimisiún muinín sa Choimisinéir i dtrácht a tharraingt siar, de bhun mhír 5 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíocht a dhéanamh d’fhonn a chearta nó a cearta pinsin nó sochair eile in ionad pinsin a bhaint den Choimisinéir i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 245 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(1) Féach Iarscríbhinn VII.
An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais