TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE AGUS CUNTASACHT PHOLAITIÚIL
CAIBIDIL 2 : RÁITIS
Riail 139 : Ráitis ón gCúirt Iniúchóirí
1. I gcomhthéacs an nós imeachta maidir le hurscaoileadh nó ghníomhaíochtaí na Parlaiminte i réimse an smachta bhuiséadaigh, féadfar a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí ráiteas a dhéanamh chun na Parlaiminte chun na tuairimí atá sa Tuarascáil Bhliantúil, tuarascálacha speisialta nó tuairimí a thíolacadh na Cúirte, nó chun clár oibre na Cúirte a mhíniú.
2. Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh díospóireacht ar leithligh, agus an Coimisiún agus an Chomhairle a bheith rannpháirteach inti, a sheoladh ar aon cheisteanna a ardaítear i ráitis den sórt sin go háirithe nuair a bheifear tar éis neamhréireachtaí a thuairisciú maidir le bainistíocht airgeadais