CAIBIDIL 4 : BEARTA A GHLACFAR I gCÁS NACH gCOMHLÍONTAR CAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ
Riail 183 : Pionóis
1. I gcásanna de shárú ar Riail 10(2) go (9), Riail 35 nó Riail 36, déanfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh ina bhforchuirfear an pionós iomchuí ar an bhFeisire lena mbaineann i gcomhréir leis an Riail seo.
I ndáil le Riail 10 (3) nó (4), féadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo gan beann ar bheart láithreach de réir bhrí Riail 182 a bheith forchurtha roimhe sin ar an bhFeisire lena mbaineann nó gan é a bheith forchurtha.
I ndáil le Riail 10(6), maidir leis an toirmeasc ar aon chineál ciaptha shíceolaíoch nó gnéis a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír sin, ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis a shuíomh gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach is infheidhme maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.
2. Féadfaidh an tUachtarán pionós a fhorchur freisin ar Fheisire i gcásanna ina ndéantar foráil, sna Rialacha Nós Imeachta seo, lena n-áirítear an Cód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le macántacht agus trédhearcacht
(1), nó i gcinneadh arna ghlacadh ag an mBiúró faoi Riail 25, do chur i bhfeidhm na Rialach seo.
3. Iarrfaidh an tUachtarán ar an bhFeisire lena mbaineann barúlacha an Fheisire sin i scríbhinn a thíolacadh sula nglacfar an cinneadh. Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh éisteacht ó bhéal a chomóradh ina ionad sin cibé uair atá sé níos iomchuí.
Déanfar an cinneadh lena bhforchuirfear an pionós a chur in iúl don Fheisire lena mbaineann.
A luaithe a bheidh an pionós críochnaitheach, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint é. Cuirfear in iúl é d'oifigigh cheannais na gcomhlachtaí, na gcoistí agus na dtoscaireachtaí ar a bhfónann an Feisire.
Déanfar an pionós a fhorchuirfear a fhoilsiú go feiceálach ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte agus ar leathanach ar líne an Fheisire ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
4. Nuair a bheidh an t-iompar a breathnaíodh á mheas, déanfar cineál eisceachtúil, athfhillteach nó buan agus tromchúis an iompair sin a chur san áireamh. Cuirfear san áireamh freisin, más infheidhme, aon dochar a d’fhéadfadh a bheith déanta do dhínit agus do cháil na Parlaiminte.
5. Beidh an pionós a fhorchuirfear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sa phionós:
(a) iomardú;
(b) toirmeasc ar an bhFeisire ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ar thoscaireacht idirpharlaiminteach, ar chomhdháil idirpharlaiminteach nó ar fhóram idirinstitiúideach ar bith, go ceann tréimhse suas le bliain;
(c) i gcás sárú ar rúndacht, teorannú ar na cearta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnda nó ar fhaisnéis rúnaicmithe go ceann tréimhse suas le bliain.
(d) an teideal chuig an liúntas cothaithe laethúil a fhorghéilleadh ar feadh tréimhse idir dhá lá agus seasca lá;
(e) gan dochar don cheart chun vótáil i suí iomlánach, agus, sa chás seo, faoi réir dhianchomhlíonadh chaighdeáin iompair na bhFeisirí, fionraí sealadach ar feadh tréimhse idir dhá lá agus seasca lá a dtagann an Pharlaimint nó aon cheann dá comhlachtaí, dá coistí nó dá toscaireachtaí le chéile, ó rannpháirtíocht i ngach ceann de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, nó i gcuid díobh.
6. Féadfar na bearta a leagtar síos i mír 5, pointe (b) go pointe (e), a mhéadú faoi dhó i gcás sraith sáruithe, nó má dhiúltaíonn an Feisire beart arna ghlacadh faoi Riail 182(3) a chomhlíonadh.
7. Sa bhreis air sin, féadfaidh an tUachtarán togra a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán chun an Feisire a chur ar fionraí ó cheann amháin nó níos mó de na hoifigí atá ag an bhFeisire sa Pharlaimint, nó an Feisire sin a chur as ceann amháin nó níos mó de na hoifigí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 21.
8. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh maidir le tréimhse foilsithe na bpionós agus é á chur san áireamh aige go mbeidh an íostréimhse foilsithe, gan beann ar dheireadh shainordú an Fheisire lena mbaineann, mar seo a leanas:
– dhá bhliain do na pionóis dá dtagraítear i mír 5, pointí (a), (b) agus (c);
– trí bliana do na pionóis dá dtagraítear i mír 5, pointí (d) agus (e).
I gcásanna mionsáruithe, áfach, féadfaidh an tUachtarán tréimhse níos giorra foilsithe a chinneadh.