Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2025
EPUB 163kPDF 763k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 3 : COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS

Riail 32 : Cuntasacht an Bhiúró agus Chomhdháil na nUachtarán

1.   Déanfar miontuairiscí an Bhiúró agus Chomhdháil na nUachtarán a aistriú isteach sna teangacha oifigiúla, agus a dháileadh ar na Feisirí Parlaiminte go léir. Beidh rochtain ag an bpobal orthu, mura rud é, ar chúiseanna rúndachta, faoi réir Airteagal 4(1) go (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, go gcinnfidh an Biúró nó Comhdháil na nUachtarán a mhalairt, go heisceachtúil, maidir le hítimí áirithe de na miontuairiscí.

2.   Féadfaidh aon Fheisire de chuid na Parlaiminte ceisteanna a chur a bhaineann lena ndualgais faoi seach a bheith á bhfeidhmiú ag an mBiúró, ag Comhdháil na nUachtarán agus ag na Caestóirí. Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn, fógrófar do na Feisirí iad agus déanfar iad a fhoilsiú, maille leis na freagraí a thugtar orthu, ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte laistigh de 30 lá ón tráth a chuirtear síos iad.

An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais