TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 2 : AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE
Riail 55 : Tuarascálacha féintionscnaimh
1. Féadfaidh coiste a bhfuil sé ar intinn aige tuarascáil neamhreachtach nó tuarascáil faoi Riail 46 nó 47 a tharraingt suas ar ábhar ina inniúlacht nach mbeidh aon tarchur déanta air, sin a dhéanamh ach amháin le húdarú ó Chomhdháil na nUachtaránarán.
Maidir le hiarrataí ar údarú chun tuarascálacha a tharraingt suas, ar iarrataí iad arna dtíolacadh de bhun na chéad fhomhíre, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh ina leith ar bhonn forálacha cur chun feidhme a leagfaidh an Chomhdháil síos.
2. I gcás ina gcinnfidh Comhdháil na nUachtarán an t-údarú sin a choinneáil siar, luafaidh sí na cúiseanna atá aici le déanamh amhlaidh.
I gcás ina dtiocfaidh ábhar na tuarascála laistigh de réim cheart tionscnaimh na Parlaiminte dá dtagraítear i Riail 46, ní fhéadfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh a dhéanamh údarú den sórt sin a choinneáil siar ach amháin i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sna Conarthaí.
3. Sna cásanna dá dtagraítear i Rialacha 46 agus 47, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de dhá mhí.
4. Déanfar tairiscintí i gcomhair rún arna gcur faoi bhráid na Parlaiminte a scrúdú faoin nós imeachta um thíolacadh gairid a leagtar amach i Riail 166 nó a chur isteach go díreach le haghaidh vóta sa suí iomlánach. Ní bheidh leasuithe ar na tairiscintí sin i gcomhair rún agus iarrataí ar vótáil dheighilte nó vótáil ar leithligh inghlactha lena mbreithniú i suí iomlánach ach amháin má chuireann an rapóirtéir síos iad d’fhonn faisnéis nua a chur i gcuntas nó má chuireann an deichiú cuid ar a laghad d’Fheisirí na Parlaiminte síos iad. Féadfaidh grúpaí polaitiúla tairiscintí malartacha i gcomhair rún a chur síos i gcomhréir le Riail 188(3). Beidh feidhm ag Riail 197 maidir le tairiscint an choiste i gcomhair rúin agus leasuithe air sin. Beidh feidhm ag Riail 197 freisin maidir leis an vótáil aonair ar thairiscintí malartacha i gcomhair rún.
5. Ní bheidh feidhm ag mír 4 i gcás ina gcáilíonn ábhar na tuarascála le haghaidh díospóireacht lárnach i suí iomlánach, i gcás ina dtarraingítear suas an tuarascáil de bhun an chirt tionscnaimh dá dtagraítear i Riail 46 nó i Riail 47, i gcás ina mbeidh an tuarascáil údaraithe mar thuarascáil straitéiseach nó mar thuarascáil cur chun feidhme nó le haghaidh tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta agus faireacháin atá liostaithe sna forálacha cur chun feidhme arna leagan síos ag Comhdháil na nUachtarán.
6. Féadfaidh Cathaoirligh na gcoistí comhaontuithe a dhéanamh le Cathaoirligh coistí eile maidir le tuarascáil féintionscnaimh nó tuarascáil neamhreachtaíochta a leithdháileadh ar choiste áirithe.
Má thagann ceist inniúlachta chun cinn i measc dhá bhuanchoiste nó níos mó, scrúdóidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí an t-ábhar. Mura dtiocfaidh na coistí sin ar aon chomhaontú, eiseoidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó a Cathaoirleach moladh. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh ar bhonn an mholta sin ag a cruinniú is luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, laistigh de shé seachtaine tar éis a tharchuir. Más rud é nach ndéanann Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil an moladh formheasta.