Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Iúil 2025
EPUB 163kPDF 764k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 10 : GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Riail 116 : Breithniú faoin nós imeachta comhchoiste

Má ghlacann an Pharlaimint an gníomh reachtach bunúsach faoin nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 59, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas maidir le breithniú a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe agus dréachtghníomhartha agus dréachtbhearta cur chun feidhme:

–   tar éis an gníomh tarmligthe nó an dréachtghníomh nó ar an dréachtbheart cur chun feidhme a fháil, cinnfidh an tUachtarán an coiste freagrach nó na coistí atá comhfhreagrach as a bhreithniú, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Riail 59 agus aon chomhaontuithe eile a rinneadh idir cathaoirligh na gcoistí lena mbaineann;

–   má chuirtear gníomh tarmligthe nó dréachtghníomh nó dréachtbheart cur chun feidhme ar aghaidh le haghaidh breithniú faoin nós imeachta comhchoiste, féadfaidh gach coiste a iarraidh go ndéanfaí cruinniú comhpháirteach a chomóradh chun tairiscint i gcomhair rúin a bhreithniú. Más rud é nach dtagann Cathaoirligh na gcoistí lena mbaineann ar comhaontú, déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí cruinniú comhpháirteach a chomóradh.

An nuashonrú is déanaí: 26 Meitheamh 2025Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais