Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Iúil 2009
PDF 1297k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

IARSCRÍBHINN V  : Nósanna imeachta cur chun feidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus buiséid fhorlíontacha a scrúdú

Airteagal 1  : Doiciméid oibre

1.    Déanfar na doiciméid seo a leanas a chló agus a dháileadh:

(a)    an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an uasráta atá leagtha síos in Airteagal 78(9) de Chonradh CEGC, in Airteagal 272(9) de Chonradh CE, agus in Airteagal 177(9) de Chonradh CEFA;

(b)    an togra ón gCoimisiún nó ón gComhairle lena socraítear ráta nua;

(c)    achoimre ón gComhairle ar a cuid pléití ar na leasuithe agus ar na modhnuithe beartaithe arna nglacadh ag an bParlaimint ar an dréachtbhuiséad;

(d)    na modhnuithe arna ndéanamh ag an gComhairle ar na leasuithe arna nglacadh ag an bParlaimint ar an dréachtbhuiséad;

(e)    seasamh na Comhairle maidir le huasráta nua a shocrú;

(f)    an dréachtbhuiséad nua arna tharraingt suas de bhun Airteagal 78(8) de Chonradh CEGC, Airteagal 272(8) de Chonradh CE, agus Airteagal 177(8) de Chonradh CEFA;

(g)    na dréachtchinntí ar na dódhéaguithe sealadacha atá leagtha síos in Airteagal 78b de Chonradh CEGC, in Airteagal 273 de Chonradh CE, agus in Airteagal 178 de Chonradh CEFA.

2.    Tarchuirfear na doiciméid sin chuig an gcoiste freagrach. Féadfaidh aon choiste lena mbaineann tuairim a thabhairt.

3.    Más mian le coistí eile tuairimí a thabhairt, socróidh an tUachtarán an teorainn ama ar laistigh di a chuirfear na tuairimí sin in iúl don choiste freagrach.

Airteagal 2  : Ráta

1.    Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos, féadfaidh aon Fheisire tograí a chur síos, agus labhairt i bhfabhar tograí, i gcomhair cinntí lena socrófar uasráta nua.

2.    Ní bheidh tograí den sórt sin inghlactha ach amháin má chuirtear síos i scríbhinn iad agus go bhfuil síniú daichead Feisire ar a laghad orthu nó go gcuirtear síos thar ceann grúpa pholaitiúil nó coiste iad.

3.    Socróidh an tUachtarán an teorainn ama le haghaidh tograí den sórt sin a chur síos.

4.    Tuairisceoidh an coiste freagrach ar na tograí sin sula bpléitear sa Pharlaimint iad.

5.    Vótálfaidh an Pharlaimint ar na tograí ansin.

Gníomhóidh an Pharlaimint le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í agus le trí chúigiú de na vótaí a chaitear.

I gcás ina gcuireann an Chomhairle in iúl don Pharlaimint go n-aontaíonn sé le ráta nua a shocrú, dearbhóidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil an ráta leasaithe arna ghlacadh.

Murab amhlaidh an cás, tarchuirfear seasamh na Comhairle chuig an gcoiste freagrach.

Airteagal 3  : Breithniú an dréachtbhuiséid - an chéad chéim

1.    Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos, féadfaidh aon Fheisire na nithe seo a leanas a chur síos agus labhairt ina bhfabhar:

-    dréachtleasuithe ar an dréachtbhuiséad;

-    modhnuithe beartaithe ar an dréachtbhuiséad.

2.    Ní bheidh dréachtleasuithe inghlactha ach amháin má thíolactar i scríbhinn iad agus go bhfuil síniú daichead Feisire ar a laghad orthu nó go gcuirtear síos thar ceann grúpa pholaitiúil nó coiste iad, go sonraíonn siad an ceannteideal buiséid lena mbaineann siad agus go gcinntítear go gcoimeádtar cóimheá idir ioncam agus caiteachas. Beidh an fhaisnéis iomchuí go léir maidir leis na tuairimí atá le hiontráil faoin gceannteideal buiséid i dtrácht san áireamh sna dréachtleasuithe.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta céanna maidir le modhnuithe beartaithe.

Ní mór réasúnú i scríbhinn a thabhairt i ndáil leis na dréachtleasuithe go léir nó na modhnuithe beartaithe go léir ar an dréachtbhuiséad.

3.    Socróidh an tUachtarán an teorainn ama le haghaidh dréachtleasuithe agus modhnuithe tairgthe a chur síos.

Socróidh an tUachtarán dhá spriocam le haghaidh dréachtleasuithe agus modhnuithe beartaithe a chur síos: beidh an chéad cheann ann sula nglacfaidh an coiste freagrach an tuarascáil agus beidh an dara ceann ann tar éis don choiste freagrach an tuarascáil a ghlacadh.

4.    Tabharfaidh an coiste freagrach a thuairim ar na téacsanna a chuirtear faoina bhráid sula bpléitear sa Pharlaimint iad.

Maidir le dréachtleasuithe agus modhnuithe beartaithe a mbeidh diúltaithe dóibh ag an gcoiste freagrach, ní dhéanfar vótáil orthu sa Pharlaimint mura rud é go n-iarrann coiste nó daichead Feisire amhlaidh sin i scríbhinn, roimh spriocam a bheidh le socrú ag an Uachtarán; ní fhéadfaidh an spriocam sin, ar aon chúis, a bheith níos lú ná 24 huaire an chloig roimh thús na vótála.

5.    Ní dhéanfar dréachtleasuithe ar mheastacháin na Parlaiminte a bheidh comhchosúil leo sin ar diúltaíodh an Pharlaimint dóibh cheana an tráth a tarraingíodh suas na meastacháin a phlé ach amháin i gcás tuairim fhabhrach a bheith tugtha ag an gcoiste freagrach ina leith.

6.    D'ainneoin Riail 55(2) de na Rialacha Nós Imeachta, déanfaidh an Pharlaimint vótálacha ar leithligh agus comhleanúnacha ar na nithe seo a leanas:

-    gach dréachtleasú agus gach modhnú beartaithe,

-    gach roinn den dréachtbhuiséad,

-    tairiscint i gcomhair rúin maidir leis an dréachtbhuiséad.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Riail 161(4) go (8).

7.    Measfar go bhfuil airteagail, caibidlí, teidil agus ranna den dréachtbhuiséad nár cuireadh síos aon dréachtleasuithe ná modhnuithe beartaithe ina leith arna nglacadh.

8.    Beidh vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint riachtanach chun dréachtleasuithe a ghlacadh.

Beidh tromlach na vótaí a chaitear riachtanach chun modhnuithe beartaithe a ghlacadh.

9.    I gcás ina mbeidh an Pharlaimint tar éis dréachtleasuithe a ghlacadh a mhéadódh an caiteachas a thaispeántar sa dréachtbhuiséad os cionn an uasráta atá leagtha síos, cuirfidh an coiste freagrach togra faoi bhráid na Parlaiminte ar togra é ina leagfar síos uasráta nua faoi mar a fhoráiltear dó san fhomhír dheiridh d'Airteagal 78(9) de Chonradh CEGC, in Airteagal 272(9) de Chonradh CE agus in Airteagal 177(9) de Chonradh CEFA. Déanfar vótáil ar an togra tar éis na vótála ar na ranna éagsúla den dréachtbhuiséad. Gníomhóidh an Pharlaimint le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í agus le trí chúigiú de na vótaí a chaitear. Más rud é go ndiúltófar don togra, déanfar an dréachtbhuiséad ina iomláine a tharchur ar ais chuig an gcoiste freagrach.

10.    Más rud é nach leasaíonn an Pharlaimint an dréachtbhuiséad, nach nglacann sí modhnuithe beartaithe nó nach nglacann sí togra chun diúltú don dréachtbhuiséad, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil an buiséad glactha go críochnaitheach.

Má leasaíonn an Pharlaimint an dréachtbhuiséad nó má ghlacann sí modhnuithe beartaithe, déanfar an dréachtbhuiséad, arna leasú amhlaidh nó i dteannta leis na modhnuithe beartaithe, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, mar aon leis na réasúnuithe.

11.    Déanfar miontuairiscí an tsuí ar lena linn a thug an Pharlaimint a tuairim ar an dréachtbhuiséad a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Airteagal 4  :  An buiséad a ghlacadh go críochnaitheach tar éis an chéad léimh

I gcás ina mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Pharlaimint nach bhfuil a cuid leasuithe modhnaithe aici agus go bhfuil na modhnuithe beartaithe glactha aici, nó nár dhiúltaigh sí do na modhnuithe beartaithe, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil an buiséad arna ghlacadh go críochnaitheach agus déanfaidh sé socrú chun é a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Airteagal 5  : Breithniú ar phléití na Comhairle - an dara céim

1.    Más rud é go modhnóidh an Chomhairle ceann amháin nó níos mó de na leasuithe arna nglacadh ag an bParlaimint, déanfar an téacs arna mhodhnú amhlaidh ag an gComhairle a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

2.    Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos, féadfaidh aon Fheisire dréachtleasuithe ar na téacsanna arna modhnú ag an gComhairle a chur síos agus labhairt i bhfabhar na ndréachtleasuithe sin.

3.    Ní bheidh dréachtleasuithe den sórt sin inghlactha ach amháin má thíolactar i scríbhinn iad agus go bhfuil síniú daichead Feisire ar a laghad orthu nó go gcuirtear síos thar ceann coiste iad agus go gcinntítear go gcoimeádtar cóimheá idir ioncam agus caiteachas. Ní bheidh feidhm ag Riail 49(5).

Ní bheidh dréachtleasuithe inghlactha ach amháin má bhaineann siad leis na téacsanna arna modhnú ag an gComhairle.

4.    Socróidh an tUachtarán an teorainn ama le haghaidh dréachtleasuithe a chur síos.

5.    Déanfaidh an coiste freagrach cinneadh maidir leis na téacsanna arna modhnú ag an gComhairle agus tabharfaidh sé a thuairim faoi na dréachtleasuithe ar na téacsanna modhnaithe.

6.    Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 3(4), an dara fomhír, déanfar vótáil sa Pharlaimint ar dréachtleasuithe ar na téacsanna arna modhnú ag an gComhairle. Gníomhóidh an Pharlaimint le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í agus le trí chúigiú de na vótaí a chaitear. Má ghlactar na dréachtleasuithe, measfar go bhfuil diúltaithe do na téacsanna arna modhnú ag an gComhairle. Má diúltaítear dóibh, measfar go nglactar na téacsanna arna modhnú ag an gComhairle.

7.    Déanfar díospóireacht ar achoimre na Comhairle ar thorthaí a cuid pléití ar na modhnuithe beartaithe arna nglacadh ag an bParlaimint agus féadfar vótáil a dhéanamh ansin ar thairiscint i gcomhair rúin.

8.    Tar éis nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo a thabhairt chun críche, agus faoi réir fhorálacha Airteagal 6, dearbhóidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil an buiséad arna ghlacadh go críochnaitheach agus déanfaidh sé socrú chun é a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Airteagal 6  : Diúltú glan

1.    Féadfaidh coiste nó daichead Feisire ar a laghad, ar chúiseanna tábhachtacha, togra a chur síos chun diúltú don dréachtbhuiséad ina iomláine. Ní bheidh togra den sórt sin inghlactha ach amháin má tá réasúnú i scríbhinn ag gabháil leis agus go gcuirtear síos é laistigh den teorainn ama a bheidh socraithe ag an Uachtarán. Ní fhéadfaidh na cúiseanna don diúltú a bheith contrártha lena chéile.

2.    Tabharfaidh an coiste freagrach a thuairim ar thogra den sórt sin sula ndéantar vótáil air sa Pharlaimint.

Gníomhóidh an Pharlaimint le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í agus le dhá thrian de na vótaí a chaitear. Má ghlactar an togra, tarchuirfear an dréachtbhuiséad ina iomláine ar ais chuig an gComhairle.

Airteagal 7  : Córas na ndódhéaguithe sealadacha

1.    Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos, féadfaidh aon Fheisire togra a thíolacadh i gcomhair cinnidh a bheidh éagsúil leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle lena n-údaraítear caiteachas os cionn an dódhéagú sealadach i gcomhair caiteachais, seachas caiteachas a éiríonn de riachtanas ón gConradh nó ó ghníomhartha arna nglacadh dá réir.

2.    Ní bheidh tograí i gcomhair cinntí inghlactha ach amháin má thíolactar i scríbhinn iad, go bhfuil síniú daichead Feisire ar a laghad orthu nó go gcuireann grúpa pholaitiúil nó coiste síos iad agus go luaitear iontu na forais ar a bhfuil siad bunaithe.

3.    Tabharfaidh an coiste freagrach a thuairim ar na téacsanna a chuirtear faoina bhráid sula bpléitear sa Pharlaimint iad.

4.    Gníomhóidh an Pharlaimint le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í agus le trí chúigiú de na vótaí a chaitear.

Airteagal 8  : An Nós Imeachta atá le feidhmiú le linn meastacháin na Parlaiminte a tharraingt suas

1.    Maidir le fadhbanna a bhaineann le buiséad na Parlaiminte, glacfaidh an Biúró agus an coiste atá freagrach as an mbuiséad cinntí i gcéimeanna comhleanúnacha leantacha ar na nithe seo a leanas:

(a)    an plean bunaíochta,

(b)    an réamhdhréacht agus na dréachtmheastacháin.

2.    Déanfar na cinntí a bhaineann leis an bplean bunaíochta a ghlacadh de réir an nós imeachta seo a leanas:

(a)    tarraingeoidh an Biúró suas plean bunaíochta do gach bliain airgeadais;

(b)    cuirfear tús le nós imeachta idir-réitigh idir an Biúró agus an coiste atá freagrach as an mbuiséad i gcásanna nach ionann tuairim an choiste fhreagraigh agus na cinntí tosaigh a ghlac an Biúró;

(c)    ag deireadh an nós imeachta, glacfaidh an Biúró an cinneadh críochnaitheach ar na meastacháin don phlean bunaíochta, i gcomhréir le Riail 207(3), ach sin gan dochar do na cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 272 de Chonradh CE.

3.    Maidir leis na meastacháin féin, cuirfear tús leis an nós imeachta chun na meastacháin a tharraingt suas a luaithe atá an cinneadh críochnaitheach glactha ag an mBiúró ar an bplean bunaíochta. Is iad céimeanna an nós imeachta sin ná na céimeanna sin atá leagtha síos i Riail 79, eadhon:

(a)    déanfaidh an Biúró réamhdhréacht de na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas a tharraingt suas (mír 1);

(b)    déanfaidh an coiste atá freagrach as an mbuiséad na dréachtmheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas a tharraingt suas (mír 2);

(c)    cuirfear tús le nós imeachta idir-réitigh i gcásanna ina bhfuil seasamh an choiste atá freagrach as an mbuiséad agus seasamh an Bhiúró an-éagsúil ar fad lena chéile.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais