TEIDEAL
I
: FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL
4
: GRÚPAÍ POLAITIÚLA
Riail
31
: Gníomhaíochtaí agus staid dhlíthiúil na ngrúpaí polaitiúla
1.
Déanfaidh na grúpaí polaitiúla a gcuid dualgas a chomhall mar chuid de ghníomhaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear na cúraimí a leithroinntear orthu leis na Rialacha Nós Imeachta seo. Soláthrófar rúnaíocht do na grúpaí polaitiúla ar bhonn phlean bunaíochta na hArdrúnaíochta, na saoráidí riaracháin agus na leithreasaí a thaifeadfar chun na críche sin i mbuiséad na Parlaiminte.
2.
Leagfaidh an Biúró síos na rialacha a bhaineann le soláthar, cur chun feidhme agus faireachán na saoráidí agus na leithreasaí sin, chomh maith le rialacha a bhaineann le tarmligean gaolmhar chumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid.
3.
Leis na rialacha sin, cinnfear na hiarmhairtí riaracháin agus airgeadais a bheidh ann i gcás ina ndéantar grúpa polaitiúil a dhíscaoileadh.