Riail
35
: Clár reachtach agus oibre an Choimisiúin
1.
Oibreoidh an Pharlaimint in éineacht leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle chun pleanáil reachtach an Aontais Eorpaigh a chinneadh.
Comhoibreoidh an Pharlaimint agus an Coimisiún le chéile le linn clár reachtach agus oibre an Choimisiúin a ullmhú i gcomhréir leis an tráthchlár agus na socruithe atá comhaontaithe idir an dá institiúid agus atá ag gabháil leis na Rialacha Nós Imeachta seo mar iarscríbhinn
(1).
2.
In imthosca práinneacha agus gan choinne, féadfaidh institiúid, ar a tionscnamh féin agus de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos sna Conarthaí, a mholadh go gcuirfear beart reachtach leis na bearta sin atá molta sa Chlár Reachtach.
3.
Déanfaidh an tUachtarán an rún arna ghlacadh ag an bParlaimint a chur ar aghaidh chuig na hinstitiúidí eile atá páirteach i nós imeachta reachtach an Aontais Eorpaigh agus chuig parlaimintí na mBallstát.
Iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle tuairim a thabhairt ar Chlár Reachtach Bliantúil an Choimisiúin chomh maith le tuairim a thabhairt ar rún na Parlaiminte.
4.
I gcás nach bhfuil institiúid in ann an tráthchlár atá leagtha síos a chomhlíonadh, cuirfidh sí na cúiseanna atá leis an moill in iúl do na hinstitiúidí eile agus molfaidh sí tráthchlár nua.