Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Iúil 2009
PDF 1297k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL II  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL 1  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 39  : Rochtain ar dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint

1.    Déanfaidh an Pharlaimint agus a cuid coistí, i rith an nós imeachta reachtaigh ar fad, rochtain ar na doiciméid go léir a bhaineann le tograí an Choimisiúin a iarraidh faoi na coinníollacha céanna atá i gceist i gcás na Comhairle agus a cuid meithleacha oibre.

2.    Le linn togra ón gCoimisiún a bheith á scrúdú, iarrfaidh an coiste freagrach ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle é a choimeád ar an eolas faoin dul chun cinn ar an togra sin sa Chomhairle agus ina meithleacha oibre agus, go háirithe, é a chur ar an eolas faoi aon chomhghéilleadh a thagann chun cinn agus lena ndéanfar an togra bunaidh ón gCoimisiúin a leasú go substaintiúil nó faoi é a bheith ar intinn ag an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais