TEIDEAL
II
: NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL
2
: AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE
Riail
46
: Nós imeachta simplithe
1.
Tar éis an chéad phlé ar thogra reachtach, féadfaidh an cathaoirleach a mholadh go bhformheasfar é gan aon leasú. Mura rud é go gcuireann an deichiú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste ina aghaidh, tíolacfaidh an cathaoirleach tuarascáil don Pharlaimint ag formheas an togra. Beidh feidhm ag Riail 138(1), an dara fomhír, (2) agus (4).
2.
Mar mhalairt air sin, féadfaidh an cathaoirleach a mholadh go ndréachtóidh sé nó sí féin nó an rapóirtéir sraith leasuithe ina léirítear plé an choiste. Má chomhaontaíonn an coiste amhlaidh, cuirfear na leasuithe sin chuig comhaltaí an choiste. Mura rud é go gcuireann an deichiú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste ina haghaidh laistigh de theorainn ama réamhshocraithe, nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná lá agus fiche ó dháta seolta na leasuithe, measfar go mbeidh an tuarascáil glactha ag an gcoiste. Sa chás sin, cuirfear an dréachtrún reachtach agus na leasuithe faoi bhráid na Parlaiminte gan díospóireacht de bhun Riail 138(1), an dara fomhír, (2) agus (4).
3.
Má chuireann an deichiú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste ina n-aghaidh, déanfar vótáil ar na leasuithe ag an gcéad chruinniú eile den choiste.
4.
Beidh feidhm
mutatis mutandis ag an gcéad abairt agus ag an dara habairt de mhír 1, ag an gcéad abairt, an dara habairt agus an tríú habairt de mhír 2 agus ag mír 3 maidir le tuairimí an choiste de réir bhrí Riail 49.