TEIDEAL
II
: NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL
6
: AN NÓS IMEACHTA REACHTACH A THABHAIRT CHUN CRÍCHE
Riail
72
: Comhaontú ar an dara léamh
I gcás nach ndéantar aon tairiscint chun diúltú don chomhsheasamh ná aon leasú ar an gcomhsheasamh a ghlacadh faoi Riail 65 agus faoi Riail 66 laistigh de na teorainneacha ama arna socrú le haghaidh leasuithe nó tograí i gcomhair diúltaithe a chur síos agus le haghaidh vótáil a dhéanamh orthu, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil glactha go críochnaitheach leis an ngníomh beartaithe. Déanfaidh sé, in éineacht le hUachtarán na Comhairle, an gníomh beartaithe a shíniú agus déanfaidh siad socrú lena fhoilsiú in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Riail 74.