Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Iúil 2009
PDF 1297k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL II  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL 8  : NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA INMHEÁNACHA

Riail 79  : Meastacháin na Parlaiminte

1.    Déanfaidh an Biúró réamhdhréacht de na meastacháin a tharraingt suas ar bhonn tuarascála arna hullmhú ag an Ardrúnaí.

2.    Cuirfidh an tUachtarán an réamhdhréacht de na meastacháin ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach agus déanfaidh an coiste sin an dréacht de na meastacháin a tharraingt suas agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint.

3.    Socróidh an tUachtarán teorainn ama chun leasuithe ar an dréacht de na meastacháin a chur síos.

Tabharfaidh an coiste freagrach a thuairim ar na leasuithe sin.

4.    Glacfaidh an Pharlaimint na meastacháin.

5.    Cuirfidh an tUachtarán na meastacháin ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

6.    Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo freisin maidir le meastacháin fhorlíontacha.

7.    Déanfar na forálacha cur chun feidhme lena rialaítear an nós imeachta a bhaineann le tarraingt suas mheastacháin na Parlaiminte a ghlacadh trí thromlach na vótaí a chaitear agus beidh siad mar iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha seo (1).

(1)Féach Iarscríbhinn V.
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais