Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Iúil 2009
PDF 1297k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL VI  : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5  : CÓRAM AGUS VÓTÁIL

Riail 171  : Díospóidí maidir leis an vótáil

1.    Dearbhóidh an tUachtarán vótálacha a bheith arna n-oscailt nó arna gcríochnú.

2.    A luaithe a dhearbhóidh an tUachtarán go bhfuil vótáil arna hoscailt, ní bheidh cead ag aon duine seachas an tUachtarán labhairt go dtí go ndearbhaítear go bhfuil an vótáil arna críochnú.

3.    Féadfar pointí oird maidir le bailíocht vótála a ardú tar éis don Uachtarán a dhearbhú go bhfuil an vótáil arna críochnú.

4.    Tar éis toradh vótála le taispeáint lámh a fhógairt, féadfaidh Feisire a iarraidh go seiceálfar an toradh trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach.

5.    Déanfaidh an tUachtarán cinneadh i dtaobh an bhfuil an toradh arna fhógairt bailí. Cinneadh críochnaitheach a bheidh sa chinneadh sin.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais