Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Nollaig 2009
PDF 1214k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL IV  : CAIDREAMH LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 5  : RÚIN AGUS MOLTAÍ

Riail 123  : Dearbhuithe i scríbhinn

1.    Féadfaidh suas go cúigear Feisirí dearbhú i scríbhinn nach faide ná 200 focal a thíolacadh ar ábhar a thagann faoi réim inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus nach gcuimsíonn saincheisteanna is ábhar do phróiseas reachtach leanúnach reatha. Tabharfaidh an tUachtarán an t-údarú ar bhonn gach cáis ar leithligh. Déanfar dearbhuithe i scríbhinn a chló sna teangacha oifigiúla agus dáilfear iad. Taifeadfar i gclár iad i dteannta le hainmneacha na sínitheoirí. Clár poiblí a bheidh sa chlár sin agus coinneofar é lasmuigh den bhealach isteach chuig an Seomra le linn na bpáirtseisiún agus, idir na páirtseisiúin, coinneofar é i suíomh cuí arna chinneadh ag Coláiste na gCaestóirí.

Ní bheidh níos mó i gceist le hinneachar dearbhaithe i scríbhinn ná go mbeidh sé i bhfoirm dearbhaithe agus, go háirithe, ní bheidh aon chinneadh ann ar nithe a bhfuil nósanna imeachta sonracha agus inniúlachtaí sonracha leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta seo maidir lena nglacadh.

2.    Féadfar síniú aon Fheisire a chur le dearbhú atá taifeadta sa chlár.

3.    I gcás ina mbeidh dearbhú sínithe ag tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, tabharfaidh an tUachtarán fógra dá réir don Pharlaimint agus foilseoidh sé nó sí ainmneacha na sínitheoirí sna miontuairiscí agus foilseoidh sé nó sí an dearbhú mar théacs arna ghlacadh.

4.    Cuirfear deireadh leis an nós imeachta tríd an dearbhú, maille le hainmneacha na sínitheoirí, a chur ar aghaidh chuig na seolaithe, ag deireadh an pháirtseisiúin.

5.    Maidir le dearbhú i scríbhinn a fhanann sa chlár ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí agus nach mbeidh sínithe ag an leathchuid ar a laghad de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, titfidh sé ar lár.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais