TEIDEAL
II
: NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL
7
: NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA
Riail
75
: An creat airgeadais ilbhliantúil
I gcás ina n-iarrann an Chomhairle toiliú na Parlaiminte i ndáil leis an togra le haghaidh rialacháin lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 81. Beidh vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint ag teastáil chun toiliú na Parlaiminte a fháil.