Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2013
PDF 1546k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL II  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL 11  : NÓSANNA IMEACHTA EILE

Riail 88 a  :  Breithniú a dhéanamh faoin nós imeachta le coistí comhlachaithe nó faoin nós imeachta le cruinnithe comhchoistí

(1)    Má ghlacann an Pharlaimint an gníomh reachtach bunúsach faoin nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 50, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas maidir le breithniú a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe agus dréachtghníomhartha agus dréachtbhearta cur chun feidhme:

-    cuirfear an gníomh tarmligthe nó an dréachtghníomh nó an dréachtbheart cur chun feidhme ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach agus chuig an gcoiste comhlachaithe;

-    socróidh cathaoirleach an choiste fhreagraigh teorainn ama faoina bhféadfaidh an coiste comhlachaithe tograí a tharraingt suas maidir le nithe a thagann faoi réim a inniúlachta eisiata nó faoi réim chomhinniúlacht an dá choiste;

-    Má thagann an gníomh tarmligthe nó an dréachtghníomh nó an dréachtbheart cur chun feidhme faoi réim inniúlachta eisiata an choiste chomhlachtaithe, déanfar tograí an choiste sin a ghlacadh gan vótáil ón gcoiste freagrach; dá éagmais sin, féadfaidh an tUachtarán an coiste comhlachtaithe a údárú tairiscint i gcomhair rúin a chur síos sa suí iomlánach.

(2)    Má ghlacann an Pharlaimint an gníomh reachtach bunúsach faoin nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 51, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas maidir le breithniú a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe agus dréachtghníomhartha agus dréachtbhearta cur chun feidhme:

-    tar éis an gníomh tarmligthe nó an dréachtghníomh nó ar an dréachtbheart cur chun feidhme a fháil, cinnfidh an tUachtarán an coiste freagrach nó na coistí atá comhfhreagrach as a bhreithniú, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Riail 51 agus aon chomhaontuithe eile a rinneadh idir cathaoirligh na gcoistí lena mbaineann;

-    má chuirtear gníomh tarmligthe nó dréachtghníomh nó dréachtbheart cur chun feidhme ar aghaidh le haghaidh breithniú faoin nós imeachta leis na cruinnithe comhchoiste, féadfaidh gach coiste a iarraidh go ndéanfaí cruinniú comhpháirteach a chomóradh chun tairiscint i gcomhair rúin a bhreithniú. Más rud é nach dtagann cathaoirligh na gcoistí lena mbaineann ar comhaontú, déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí cruinniú comhpháirteach a chomóradh.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais