1.
De bhreis ar na cásanna dá bhforáiltear faoi Riail 106(5), faoi Riail 107(5) agus faoi Riail 166, déanfar an vótáil le glaoch rolla má iarrann grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad amhlaidh an tráthnóna roimh an vótáil mura rud é go socraíonn an tUachtarán teorainn ama eile.
2.
Déanfar an vótáil le glaoch rolla trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach. I gcás nach féidir an córas sin a úsáid ar chúiseanna teicniúla glaofar an rolla in ord aibítre, ag tosú le hainm Feisire a tharraingeofar trí chrannchur. Is é an tUachtarán an duine deiridh a ghlaofar chun vóta a chaitheamh.
Is ó bhéal a dhéanfar an vótáil agus déanfar sin trí "Tá", "Níl", nó "Staonaim" a rá. Le linn an ríomh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil glactha le tairiscint nó ar diúltaíodh di, ní chuirfear san áireamh ach na vótaí a caitheadh i bhfabhar na tairisceana agus na vótaí a caitheadh ina coinne. Suífidh an tUachtarán toradh na vótála agus fógróidh sé é.
Déanfar na vótaí a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí de réir grúpa pholaitiúil in ord aibítre ainmneacha na bhFeisirí, agus léireofar an tslí ar vótáil siad.