Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2013
PDF 1546k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL VI  : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5  : CÓRAM AGUS VÓTÁIL

Riail 168  : Vótáil leictreonach

1.    Féadfaidh an tUachtarán, aon tráth, a chinneadh go ndéanfar na hoibríochtaí vótála a luaitear i Riail 165, i Riail 167 agus i Riail 169 a chur i gcrích tríd an gcóras vótála leictreonach.

I gcás nach féidir an córas vótála leictreonach a úsáid ar chúiseanna teicniúla, déanfar an vótáil i gcomhréir le Riail 165, Riail 167(2) nó Riail 169.

Déanfar na socruithe teicniúla maidir le húsáid an chórais vótála leictreonaigh a rialú le treoracha ón mBiúró.

2.    I gcás ina ndéantar vótáil leictreonach, is é toradh uimhriúil na vótála, agus an méid sin amháin, a thaifeadfar.

Mar sin féin, má iarrtar vótáil trí ghlaoch rolla i gcomhréir le Riail 167(1), déanfar na vótaí a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí de réir grúpa pholaitiúil in ord aibítre ainmneacha na bhFeisirí.

3.    Maidir leis an vótáil le glaoch rolla, déanfar í i gcomhréir le Riail 167(2) má iarrann tromlach na bhFeisirí atá i láthair amhlaidh. Féadfar an córas a luaitear i mír 1 den Riail seo a úsáid lena chinneadh an bhfuil tromlach ann.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais