Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2013
PDF 1546k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL VI  : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5  : CÓRAM AGUS VÓTÁIL

Riail 170  : Mínithe ar vótáil

1.    A luaithe a chuirtear deireadh leis an díospóireacht ghinearálta, féadfaidh aon Fheisire míniú ó bhéal a thabhairt ar an vótáil chríochnaitheach ar feadh tréimhse nach faide ná aon nóiméad amháin nó féadfaidh sé nó sí míniú i scríbhinn a thabhairt nach faide ná 200 focal agus cuirfear an ráiteas sin san áireamh i dtuarascáil focal ar fhocal na n-imeachtaí.

Féadfaidh aon ghrúpa polaitiúil míniú nach mairfidh níos faide ná dhá nóiméad a thabhairt ar an vótáil.

A luaithe atá tús curtha leis an gcéad mhíniú ar vótáil, ní ghlacfar le haon iarrataí eile ar mhínithe a thabhairt ar vótáil.

Tá mínithe ar vótáil inghlactha don vótáil chríochnaitheach ar aon ábhar a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte. Chun críocha na Rialach seo, ní bhaineann an téarma "vótáil chríochnaitheach" leis an gcineál vótála, ach ciallaíonn sé an vótáil deiridh ar aon mhír.

2.    Ní bheidh mínithe ar vótáil inghlactha i gcás vótálacha ar ábhair nós imeachta.

3.    I gcás ina mbeidh togra le haghaidh gnímh reachtaigh nó tuarascáil san áireamh ar chlár oibre na Parlaiminte de bhun Riail 138, féadfaidh Feisirí mínithe i scríbhinn ar vótáil a thíolacadh i gcomhréir le mír 1.

Ní mór baint dhíreach a bheith ag mínithe ar vótáil, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn, leis an téacs a bhfuil vótáil á déanamh air.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais