1.
Toghfar comhaltaí coistí agus coistí fiosrúcháin tar éis do na grúpaí polaitiúla agus do na Feisirí neamhcheangailte ainmniúcháin a chur isteach. Cuirfidh Comhdháil na nUachtarán tograí faoi bhráid na Parlaiminte. Léireoidh comhdhéanamh na gcoistí, a mhéid is féidir, comhdhéanamh na Parlaiminte.
I gcás ina n-athraíonn Feisirí ó ghrúpa polaitiúil amháin go ceann eile coinneoidh siad, ar feadh an chuid eile dá dtéarma oifige dhá bhliain go leith, aon suíochán atá acu i gcoistí parlaiminteacha. Mar sin féin, más é is éifeacht le hathrú Feisire ó ghrúpa polaitiúil amháin go ceann eile ná go gcuirtear as d'ionadaíocht chothrom na dtuairimí polaitiúla i gcoiste, déanann Comhdháil na nUachtarán tograí nua maidir le comhdhéanamh an choiste sin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 1, an dara habairt, ionas go ráthófar cearta aonair an Fheisire lena mbaineann.
Ní fhéadfaidh an chomhréireacht i dtaca le dáileadh suíochán coiste i measc na ngrúpaí polaitiúla imeacht ón tslánuimhir chuí is gaire. Má chinneann grúpa gan suíocháin a ghlacadh ar choiste, fanfaidh na suíocháin sin de bheith folamh agus laghdófar líon comhaltaí an choiste dá réir. Ní fhéadfar malartú suíochán idir grúpaí polaitiúla a cheadú.
2.
Ní bheidh leasuithe ar thograí Chomhdháil na nUachtarán inghlactha ach amháin i gcás ina gcuireann 40 Feisire ar a laghad síos iad. Vótálfaidh an Pharlaimint ar leasuithe den sórt sin le ballóid rúnda.
3.
Measfar comhaltaí a bheith tofa ar bhonn tograí ó Chomhdháil na nUachtarán, arna leasú, má leasaítear, i gcomhréir le mír 2.
4.
I gcás nach gcuireann grúpa polaitiúil ainmniúcháin isteach le haghaidh comhaltais de choiste fiosrúcháin i gcomhréir le mír 1 laistigh de theorainn ama a bheidh socraithe ag Comhdháil na nUachtarán, ní dhéanfaidh Comhdháil na nUachtarán ach na hainmniúcháin a bheidh faighte aici laistigh den teorainn ama sin a chur faoi bhráid na Parlaiminte.
5.
Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a chinneadh aon fholúntas ar choiste a líonadh go sealadach le comhaontú na ndaoine a bheidh le ceapadh, agus aird á tabhairt ar mhír 1.
6.
Cuirfear aon athruithe den sórt sin os comhair na Parlaiminte lena ndaingniú ag an gcéad suí eile.