1.
Féadfaidh an Pharlaimint, ar iarraidh ón gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhrochriarachán líomhnaithe i ndáil le feidhmiú dhlí an Aontais ar sárú nó drochriarachán é ar dealraitheach ina leith gur gníomh é de chuid institiúide nó comhlachta den Aontas Eorpach, nó de chuid comhlachta riaracháin phoiblí Ballstáit, nó de chuid daoine a gcumhachtaítear dóibh le dlí an Aontais an dlí sin a chur chun feidhme.
Maidir leis an gcinneadh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, foilseofar in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é laistigh d'aon mhí amháin. De bhreis air sin, glacfaidh an Pharlaimint na bearta go léir is gá chun eolas ar an gcinneadh sin a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir.
2.
Rialófar
modus operandi coiste fiosrúcháin leis na forálacha de na Rialacha seo a bhaineann le coistí, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sa Riail seo agus sa Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa, ar cinneadh é a ghabhann leis na Rialacha seo mar iarscríbhinn
(1).
3.
Maidir leis an iarraidh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, ní mór ábhar an fhiosrúcháin a shonrú go beacht inti agus ní mór ráiteas mionsonraithe ar na forais is bun leis an bhfiosrúchán a bheith san áireamh inti. Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh i dtaobh an gcuirfear coiste ar bun agus, má chinneann sí déanamh amhlaidh, cinnfidh sí comhdhéanamh an choiste i gcomhréir le Riail 186.
4.
Tabharfaidh coiste fiosrúcháin a chuid oibre chun críche trí thuarascáil a thíolacadh laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí. Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh faoi dhó an tréimhse sin a fhadú ar feadh tréimhse trí mhí.
Ní fhéadfaidh ach lánchomhaltaí amháin nó, i gcás iad a bheith as láthair, buanchomhaltaí ionaid vótáil i gcoiste fiosrúcháin.
5.
Toghfaidh coiste fiosrúcháin a Chathaoirleach féin agus beirt Leas-Chathaoirleach agus ceapfaidh sé rapóirtéir amháin nó níos mó. Féadfaidh an coiste, freisin, freagrachtaí, dualgais nó cúraimí sonracha a shannadh dá chomhaltaí agus ní mór do na comhaltaí sin tuairisc mhionsonraithe ina leith sin a thabhairt don choiste ina dhiaidh sin.
Sa tréimhse idir cruinniú amháin agus ceann eile, déanfaidh biúró an choiste, i gcásanna práinne nó riachtanais, cumhachtaí an choiste a fheidhmiú, ach sin faoi réir daingnithe ag an gcéad chruinniú eile.
6.
Má mheasann coiste fiosrúcháin go bhfuil sárú déanta ar aon cheart dá chuid, molfaidh sé go nglacfaidh an tUachtarán bearta cuí.
7.
Féadfaidh coiste fiosrúcháin teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí nó leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh dá dtagraítear i mír 2 d'fhonn éisteacht a sheoladh nó doiciméid a fháil.
Is iad institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a iompróidh costais taistil agus cóiríochta a gcuid comhaltaí agus oifigeach. Is í Parlaimint an hEorpa a dhéanfaidh costais taistil agus cóiríochta daoine eile a láithríonn os comhair coiste fiosrúcháin a íoc i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear éisteachtaí saineolaithe.
Féadfaidh daoine a ghairtear chun fianaise a thabhairt os comhair coiste fiosrúcháin na cearta a éileamh a bheadh acu dá mbeadh siad ag láithriú mar fhinné os comhair binse ina dtír tionscnaimh. Ní mór na cearta sin a chur in iúl dóibh sula dtabharfaidh siad ráiteas don choiste.
Maidir leis na teangacha a úsáidfear, cuirfidh coiste fiosrúcháin forálacha Riail 146 i bhfeidhm. Mar sin féin:
-
féadfaidh biúró an choiste ateangaireacht a shrianadh do theangacha oifigiúla na ndaoine a bheidh páirteach sa phlé, má mheasann sé gur gá sin ar chúiseanna rúndachta,
-
déanfaidh biúró an choiste cinneadh faoi aistriúchán ar na doiciméid a fhaightear a sholáthar ar shlí ina n-áiritheofar gur féidir leis an gcoiste a phlé a dhéanamh go héifeachtach agus go tapa agus go n-urramaítear an tsicréideacht agus an rúndacht is gá.
8.
Cinnteoidh Cathaoirleach coiste fiosrúcháin, i gcomhar leis an mbiúró, go n-urramaítear sicréideacht agus rúndacht an phlé agus tabharfaidh sé nó sí fógra cuí do na comhaltaí á rá sin.
Tagróidh an Cathaoirleach go sainráiteach freisin d’fhorálacha Airteagal 2(2) den Chinneadh dá dtagraítear thuas. Beidh feidhm ag Cuid A d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo.
9.
Déanfar doiciméid shicréideacha nó doiciméid rúnda a chuirfear ar aghaidh a scrúdú trí úsáid a bhaint as bearta teicniúla lena chinntiú nach mbeidh rochtain phearsanta ar na doiciméid sin ag aon duine seachas na comhaltaí atá freagrach as an gcás. Tabharfaidh na comhaltaí atá i dtrácht gealltanas sollúnta nach gceadóidh siad d'aon duine eile rochtain a fháil ar fhaisnéis shicréideach nó ar fhaisnéis rúnda, i gcomhréir leis an Riail seo, agus nach mbainfidh siad úsáid as an bhfaisnéis sin ach amháin chun a dtuarascáil a tharraingt suas don choiste fiosrúcháin. Seolfar cruinnithe in áitreabh atá trealmhaithe ar shlí a fhágann nach bhfuil sé indéanta ag aon duine neamhúdaraithe éisteacht leis na himeachtaí.
10.
Tar éis do choiste fiosrúcháin a chuid oibre a thabhairt chun críche, cuirfidh sé tuarascáil ar thorthaí a chuid oibre faoi bhráid na Parlaiminte, ar tuarascáil í ina mbeidh tuairimí mionlaigh, más cuí, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i Riail 52. Foilseofar an tuarascáil.
Ar iarraidh a fháil ón gcoiste fiosrúcháin, seolfaidh an Pharlaimint díospóireacht ar an tuarascáil ag an bpáirtseisiún tar éis an tuarascáil a thíolacadh.
Féadfaidh an coiste dréachtmholadh arna dhíriú ar institiúidí nó ar chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh nó ar na Ballstáit a chur faoi bhráid na Parlaiminte freisin.
11.
Treoróidh an tUachtarán don choiste freagrach, faoi Iarscríbhinn VII, faireachán a dhéanamh ar an ngníomh a dhéantar i leith thorthaí obair an choiste fiosrúcháin agus, más cuí, tuairisc a thabhairt air sin agus déanfaidh sé aon bhearta breise a mheastar is cuí lena chinntiú go ndéantar gníomh praiticiúil i ndáil le conclúidí an fhiosrúcháin.
Is é an togra ó Chomhdháil na nUachtarán maidir le comhdhéanamh coiste fiosrúcháin (mír 3), agus an togra sin amháin, a bhféadfar leasú a dhéanamh air, i gcomhréir le Riail 186(2).
Ní fhéadfar leasú a dhéanamh ar ábhar an fhiosrúcháin arna shainiú ag an gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint (mír 3) ná ar an tréimhse atá leagtha síos i mír 4.