Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2014
PDF 1368k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL X  : AN tOMBUDSMAN

Riail 220  : Gníomhaíochtaí an Ombudsman

1.    Tá an cinneadh maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh fheidhmeanna an Ombudsman agus na forálacha lena gcuirtear an cinneadh sin chun feidhme faoi mar atá glactha ag an Ombudsman in iarscríbhinn atá ag gabháil, mar eolas, leis na Rialacha Nós Imeachta seo (1).

2.    Déanfaidh an tOmbudsman, i gcomhréir le hAirteagal 3(6) agus (7) den chinneadh thuasluaite, an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi chásanna drochriaracháin, ar cásanna iad a bhféadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas maidir leo. Déanfaidh an tOmbudsman, i gcomhréir le hAirteagal 3(8) den chinneadh sin, tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte freisin ag deireadh gach seisiúin bhliantúil maidir le torthaí a chuid fiosrúchán. Déanfaidh an coiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas air sin agus cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid na Parlaiminte i gcomhair díospóireachta.

3.    Féadfaidh an tOmbudsman faisnéis a sholáthar don choiste freagrach freisin nuair a iarrann an coiste sin amhlaidh nó, féadfaidh an tOmbudsman éisteacht a fháil ón gcoiste sin, arna iarraidh sin ag an Ombudsman.

(1)Féach Iarscríbhinn X.
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais