Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Aibreán 2015
PDF 1288k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL XI  : ARDRÚNAÍOCHT NA PARLAIMINTE

Riail 222  : An Ardrúnaíocht

1.    Tabharfaidh Ardrúnaí arna cheapadh ag an mBiúró cúnamh don Pharlaimint.

Tabharfaidh an tArdrúnaí gealltanas sollúnta os comhair an Bhiúró go gcomhlíonfaidh sé a chuid dualgas go coinsiasach agus go hiomlán neamhchlaon.

2.    Beidh an tArdrúnaí i gceannas ar Ardrúnaíocht a gcinnfidh an Biúró a comhdhéanamh agus a heagrúchán.

3.    Cinnfidh an Biúró plean bunaíochta na hArdrúnaíochta agus leagfaidh sé síos rialacháin maidir le staid riaracháin agus airgeadais na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile.

Cinnfidh an Biúró freisin cad iad na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile a mbeidh feidhm ag Airteagail 11 go 13 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leo go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfidh Uachtarán na Parlaiminte institiúidí cuí an Aontais Eorpaigh ar an eolas dá réir sin.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais