Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2017
EPUB 212kPDF 1040k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL I  : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1  : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Riail 11  : Leasanna airgeadais na bhFeisirí agus caighdeáin iompair

1.    Déanfaidh an Pharlaimint rialacha a leagan síos lena rialófar trédhearcacht leasanna airgeadais a cuid Feisirí i bhfoirm Cód Iompair a ghlacfaidh tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í agus a bheidh ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo (1).

Ní dhéanfaidh na rialacha sin dochar ar bhealach eile d’Fheisirí, ná ní chuirfidh siad srian orthu ar bhealach eile, i bhfeidhmiú a n-oifige nó i bhfeidhmiú aon ghníomhaíochta polaitiúla gaolmhaire nó aon ghníomhaíochta gaolmhaire eile.

2.    Ba cheart d’Fheisirí an cleachtas córasach a ghlacadh gan ach bualadh le hionadaithe sainleasa atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta (2).

3.    Léireoidh iompar na bhFeisirí urraim fhrithpháirteach, beidh sé bunaithe ar na luachanna agus ar na prionsabail a leagtar síos sna Conarthaí, agus go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus tabharfaidh sé urraim do dhínit na Parlaiminte. Lena chois sin, ní bhainfidh sé an bonn de sheoladh réidh ghnó na Parlaiminte, de chothabháil na slándála agus an oird ar áitribh na Parlaiminte ná d’fheidhmiú fhearas na Parlaiminte.

I ndíospóireachtaí parlaiminteacha, ní rachaidh na Feisirí i muinín urlabhra ná iompar clúmhillteach, ciníoch nó seineafóibeach, ná ní dhéanfaidh siad bratacha a leathadh.

Comhlíonfaidh na Feisirí rialacha na Parlaiminte maidir leis an tslí ina ndéileáiltear le faisnéis rúnda.

I gcás nach gcomhlíontar na caighdeáin agus na rialacha sin, d’fhéadfaí bearta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Riail 165, le Riail 166 agus le Riail 167.

4.    Ní hé a leanfaidh as feidhmiú na Rialach seo ná baint, ar bhealach eile, de Ní hé a leanfaidh as feidhmiú na Rialach seo ná baint, ar bhealach eile, de bhríomhaireacht na ndíospóireachtaí parlaiminteacha ná an bonn a bhaint de shaoirse cainte na bhFeisirí.

Beidh feidhmiú na Rialach seo bunaithe ar lánurraim do shainchumais na bhFeisirí, faoi mar a leagtar síos i ndlí príomha an Aontais agus i Reacht na bhFeisirí.

Beidh feidhmiú na Rialach seo bunaithe ar phrionsabal na trédhearcachta agus déanfar í a fheidhmiú ar shlí ina ndéantar na forálacha ábhartha a chur ar a súile go soiléir do na Feisirí, a gcuirfear a gcearta agus a n–oibleagáidí in iúl dóibh ina nduine agus ina nduine.

5.    Más rud é, maidir le duine a bheidh fostaithe ag Feisire nó ag duine eile a ndearna an Feisire socrú rochtain a bheith aige ar áitribh nó ar threalamh na Parlaiminte, go mainníonn sé na caighdeáin iompair a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh, féadfar, i gcás inarb iomchuí, na pionóis dá bhforáiltear i Riail 166 a fhorchur ar an bhFeisire lena mbaineann.

6.    Cinnfidh na Caestóirí an líon uasta cúntóirí a fhéadfaidh gach Feisire a chlárú.

7.    Déanfar cód iompair agus cearta agus pribhléidí iarFheisirí a leagan síos le cinneadh ón mBiúró. Ní dhéanfar aon idirdhealú sa tslí ina ndéileáiltear le hiarFheisirí.

(1)Féach Iarscríbhinn I.
(2)Comhaontú an 16.4.2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gClár Trédhearcachta i gcomhair eagraíochtaí agus daoine féin fhostaithe a ghabhann do dhéanamh agus do dhul chun feidhme bheartais an AE (IO L 277, 19.9.2014, lch. 11).
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais