Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN IV : NÓS IMEACHTA MAIDIR LE BREITHNIÚ AGUS GLACADH CINNTÍ CHUN URSCAOILEADH A DHEONÚ

Airteagal 1 : Doiciméid

1.   Déanfar na doiciméid seo a leanas a chló agus a dháileadh:

(a)   an cuntas ioncaim agus caiteachais, an anailís airgeadais agus an clár comhardaithe arna gcur ar aghaidh ag an gCoimisiún;

(b)   an Tuarascáil Bhliantúil agus tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí, i dteannta le freagraí na nInstitiúidí;

(c)   an ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuireann an Chúirt Iniúchóirí ar fáil de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(d)   an moladh ón gComhairle.

2.   Tarchuirfear na doiciméid sin chuig an gcoiste freagrach. Féadfaidh aon choiste lena mbaineann tuairim a thabhairt.

3.   Más mian le coistí eile tuairimí a thabhairt, socróidh an tUachtarán an teorainn ama ar laistigh di a chuirfear na tuairimí sin in iúl don choiste freagrach.

Airteagal 2 : Tuarascáil a bhreithniú

1.   Breithneoidh an Pharlaimint tuarascáil ón gcoiste freagrach maidir le hurscaoileadh faoin 30 Aibreán sa bhliain tar éis ghlacadh Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí faoi mar a éilítear leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh feidhm ag Rialacha na Parlaiminte i ndáil le leasuithe agus vótáil mura rud é bhforáiltear a mhalairt san Iarscríbhinn seo.

Airteagal 3 : Inneachar na Tuarascála

1.   Is é a beidh sa tuarascáil maidir le hurscaoileadh arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach ná:

(a)   togra i gcomhair cinnidh chun urscaoileadh a dheonú nó chun cinneadh ar urscaoileadh a chur siar (vótáil i bpáirtseisiún mhí Aibreáin) nó togra i gcomhair cinnidh chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú d'urscaoileadh a dheonú (vótáil i bpáirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair);

(b)   togra i gcomhair cinnidh chun na cuntais a bhaineann le hioncam, caiteachas, sócmhainní agus dliteanais uile an Aontais a dhúnadh;

(c)   tairiscint i gcomhair rúin ina bhfuil tuairimí a ghabhann leis an togra i gcomhair cinnidh dá dtagraítear i bpointe (a) lena n-áirítear measúnú ar bhainistiú buiséadach an Choimisiúin thar an mbliain airgeadais agus barúlacha i ndáil le cur chun feidhme an chaiteachais don todhchaí;

(d)   mar Iarscríbhinn, liosta de na doiciméid a fuarthas ón gCoimisiún agus de na doiciméid a iarradh ach nach bhfuarthas;

(e)   tuairimí na gcoistí lena mbaineann.

2.   Má bheartaíonn an coiste freagrach an cinneadh ar urscaoileadh a chur siar, déanfar an méid seo a leanas, inter alia, a leagan amach freisin sa tairiscint iomchuí i gcomhair rúin:

(a)   na cúiseanna lena chur siar;

(b)   an gníomh breise a bhfuiltear ag súil leis go nglacfaidh an Coimisiún é agus na spriocamanna chun déanamh amhlaidh;

(c)   na doiciméid a bheidh ag teastáil le go bhféadfaidh an Pharlaimint cinneadh feasach a ghlacadh.

Airteagal 4 : Breithniú agus vótáil sa Pharlaimint

1.   Déanfar aon tuarascáil ón gcoiste freagrach maidir le hurscaoileadh a chur san áireamh i gclár oibre an chéad pháirtseisiúin tar éis í a chur síos.

2.   Ní bheidh inghlactha ach leasuithe ar thairiscint i gcomhair rúin arna cur síos i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(c).

3.   Mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 5, beidh an vótáil ar na tograí i gcomhair cinnidh agus ar an tairiscint i gcomhair rúin san ord atá leagtha amach in Airteagal 3.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 231 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Pharlaimint cinneadh le tromlach na vótaí a chaitear.

Airteagal 5 : Malairtí don nós imeachta

1.   Vótáil i bpáirtseisiún mhí Aibreáin

Ar an gcéad ásc, beidh togra sa tuarascáil ar urscaoileadh go ndéanfar urscaoileadh a dheonú nó a chur siar.

(a) Má fhaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, deonófar an t-urscaoileadh. Is ionann sin freisin agus na cuntais a dhúnadh.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, measfar an t-urscaoileadh bheith curtha siar agus cuirfidh an coiste freagrach tuarascáil nua síos laistigh de shé mhí ar tuarascáil í ina mbeidh togra nua chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú urscaoileadh a dheonú.

(b) Má ghlactar togra chun urscaoileadh a chur siar, cuirfidh an coiste freagrach tuarascáil nua síos laistigh de shé mhí ar tuarascáil í ina mbeidh togra nua chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú urscaoileadh a dheonú. Sa chás sin, cuirfear dúnadh na gcuntas siar freisin agus cuirfear síos athuair é in éineacht leis an tuarascáil nua.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a chur siar tromlach, measfar go bhfuil an t-urscaoileadh deonta. Sa chás seo, is ionann an cinneadh freisin agus na cuntais a dhúnadh. Féadfar vótáil a dhéanamh fós ar an tairiscint i gcomhair rúin.

2.   Vótáil i bpáirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair

Ar an dara hásc, beidh togra sa tuarascáil ar urscaoileadh go ndéanfar urscaoileadh a dheonú nó go ndiúltófar urscaoileadh a dheonú.

(a) Má fhaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, deonófar an t-urscaoileadh. Is ionann sin freisin agus na cuntais a dhúnadh.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, measfar go bhfuil diúltaithe don urscaoileadh. Ag an bpáirtseisiún ina dhiaidh sin, tíolacfar togra foirmiúil chun na cuntais don bhliain atá i gceist a dhúnadh agus iarrfar ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh ag an bpáirtseisiún sin.

(b) Má fhaigheann togra chun diúltú d'urscaoileadh tromlach, tíolacfar togra foirmiúil ag páirtseisiún ina dhiaidh sin ar togra é chun na cuntais don bhliain atá i gceist a dhúnadh agus iarrfar ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh ag an bpáirtseisiún sin.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun diúltú d'urscaoileadh tromlach, measfar go bhfuil an t- urscaoileadh deonta. Sa chás sin, is ionann an cinneadh freisin agus na cuntais a dhúnadh. Féadfar vótáil a dhéanamh fós ar an tairiscint i gcomhair rúin.

3.   I gcás ina bhfuil forálacha a bhréagnaíonn vótáil na Parlaiminte ar urscaoileadh san áireamh sa tairiscint i gcomhair rúin nó sa togra maidir le dúnadh, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an choiste fhreagraigh, an vótáil a chur siar agus spriocam nua a shocrú chun leasuithe a chur síos.

Airteagal 6 : Cinntí ar urscaoileadh a chur chun feidhme

1.   Déanfaidh an tUachtarán aon chinneadh nó rún Parlaiminte de bhun Airteagal 3 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig gach ceann de na hinstitiúidí eile agus déanfaidh sé socrú chun iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sa tsraith is iomchuí do ghníomhartha de chineál reachtach.

2.   Tuairisceoidh an coiste freagrach don Pharlaimint uair amháin ar a laghad sa bhliain maidir leis an ngníomh a ghlacann na hinstitiúidí mar fhreagra ar na barúlacha a bheidh in éineacht leis na cinntí ar urscaoileadh agus ar na barúlacha eile a bheidh i rúin Pharlaiminte maidir le cur chun feidhme an chaiteachais.

3.   Ar bhonn tuarascála ón gcoiste atá freagrach as rialú buiséadach, féadfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dó thar ceann na Parlaiminte, caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aghaidh na hinstitiúide lena mbaineann, de bhun Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chineann ó na barúlacha atá in éineacht leis an gcinneadh ar urscaoileadh nó na rúin eile a bhaineann le cur chun feidhme an chaiteachais.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais