Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 1 : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 38 : Urraim do chearta bunúsacha

1.   Ina gníomhaíochtaí uile, urramóidh an Pharlaimint    na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 de.

2.   I gcás ina mbeidh an coiste atá freagrach as an ábhar, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad den tuairim nach gcomhlíonann togra le haghaidh gníomh reachtach, go hiomlán nó go páirteach, cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh, déanfar an t-ábhar, arna iarraidh sin dóibh, a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as cearta bunúsacha a chosaint.

3.   Cuirfear an iarraidh sin isteach laistigh de cheithre seachtaine oibre ón tráth a dhéantar an tarchur chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar a fhógairt sa Pharlaimint.

4.   Déanfar tuairim an choiste atá freagrach as cosaint na gceart bunúsach a chur i gceangal le tuarascáil an choiste atá freagrach as an ábhar.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais