Riail 44 : Ionadaíocht na Parlaiminte i gcruinnithe den Chomhairle
I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle cuireadh don Pharlaimint páirt a ghlacadh i gcruinniú den Chomhairle, iarrfaidh an tUachtarán ar Chathaoirleach nó ar rapóirtéir an choiste atá freagrach as an ábhar, nó ar Fheisire eile a bheidh ainmnithe ag an gcoiste sin, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte.