Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 2 : AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE

Riail 52a : Tuarascálacha a dhréachtú

1.   Beidh an rapóirtéir freagrach as tuarascáil an choiste a ullmhú agus as an tuarascáil sin a thíolacadh don Pharlaimint thar ceann an choiste sin.

2.   Beidh an rapóirtéir freagrach as an ráiteas míniúcháin agus ní dhéanfar vótáil air. Ní mór, áfach, go mbeidh sé ag teacht le téacs na tairisceana i gcomhair rúin faoi mar a glacadh é agus le haon leasuithe arna moladh ag an gcoiste. Mura mbeidh sé amhlaidh, féadfaidh Cathaoirleach an choiste an ráiteas míniúcháin a scriosadh.

3.   Luafar sa tuarascáil toradh na vótála a dhéantar ar an tuarascáil ina hiomláine agus léireoidh sí de réir Riail 208(3), conas a vótáil gach comhalta.

4.   Féadfar seasaimh mhionlaigh a thabhairt nuair a dhéantar an vótáil ar an téacs ina iomláine agus féadfar, ar iarraidh óna n-údair, iad a bheith ina n-ábhar do dhearbhú i scríbhinn nach faide ná 200 focal, dearbhú a chuirfear i gceangal leis an ráiteas míniúcháin.

Réiteoidh an Cathaoirleach aon díospóidí a éireoidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na míre seo.

5.   Ar thogra óna Chathaoirleach, féadfaidh an coiste tréimhse ama a shocrú ar laistigh di nach mór don rapóirtéir an dréacht-tuarascáil a chur isteach. Féadfar an tréimhse ama sin a fhadú nó féadfar rapóirtéir nua a cheapadh.

6.   Nuair a bheidh an tréimhse ama imithe in éag, féadfaidh an coiste treoir a thabhairt dá Chathaoirleach a iarraidh go gcuirfear an t-ábhar a tarchuireadh chuige ar chlár oibre ceann de na chéad suíonna eile den Pharlaimint. Féadfar na díospóireachtaí agus na vótálacha a sheoladh ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste lena mbaineann.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais