TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3 : AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 2 - AN DARA LÉAMH
Riail 65 : Teorainneacha ama a fhadú
1. Déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ó Chathaoirleach an choiste fhreagraigh, na teorainneacha ama don dara léamh a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 294(14) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
2. Déanfaidh an tUachtarán aon fhadú ar theorainneacha ama faoi Airteagal 294(14) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don Pharlaimint, cibé acu ar thionscnamh na Parlaiminte nó ar thionscnamh na Comhairle a dhéantar faduithe den sórt sin.