Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 6 : NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA

Riail 92 : Córas na ndóú codanna déag sealadacha

1.   Déanfar aon chinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear caiteachas is mó ná an dóú cuid déag sealadach de na leithreasaí buiséadacha don bhliain airgeadais roimhe sin a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

2.   Féadfaidh an coiste freagrach dréachtchinneadh a chur síos chun an caiteachas dá dtagraítear i mír 1 a laghdú. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ina leith laistigh de 30 lá tar éis ghlacadh chinneadh na Comhairle.

3.   Gníomhóidh an Pharlaimint trí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais