CAIBIDIL 3 : RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH
Riail 160 : Doiciméid a dháileadh
Déanfar na doiciméid arb iad is bonn do dhíospóireachtaí agus do chinntí na Parlaiminte a chur ar fáil do na Feisirí.
Gan dochar do chur i bhfeidhm na chéad mhíre, beidh rochtain dhíreach ag Feisirí agus ag grúpaí polaitiúla ar chóras ríomhaireachta inmheánach Pharlaimint na hEorpa chun féachaint ar aon doiciméad ullmhúcháin neamhrúnda (dréacht-tuarascáil, dréachtmholadh, dréacht-tuairim, doiciméad oibre, leasuithe arna gcur síos i gcoiste).