1. Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sna Rialacha seo, beidh feidhm ag an nós imeachta vótála seo a leanas maidir le téacsanna a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte:
(a) ar dtús, i gcás inarb infheidhme, vótáil ar aon leasuithe ar an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí,
(b) ansin, i gcás inarb infheidhme, vótáil ar an togra sin ina iomláine, cibé acu arna leasú nó a mhalairt,
(c) ina dhiaidh sin, vótáil ar aon leasuithe ar an tairiscint i gcomhair rúin/i gcomhair dréachtrún reachtach,
(d) agus ar deireadh, vótáil ar an tairiscint i gcomhair rún ina hiomláine (an vótáil chríochnaitheach).
Ní dhéanfaidh an Pharlaimint vótáil ar aon ráiteas míniúcháin atá i dtuarascáil.
2. Le linn vótáil a dhéanamh ar thograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus ar thairiscintí i gcomhair rúin neamhreachtacha, déanfar an vótáil maidir leis na codanna substaintiúla ar dtús agus, ina dhiaidh sin, déanfar an vótáil maidir leis na luanna agus na haithrisí.
3. Titfidh leasú ar lár má tá sé ar neamhréir le cinntí a glacadh roimhe sin ar an téacs i rith na vótála céanna.
4. Is é nó í an rapóirtéir an t-aon Fheisire amháin a mbeidh cead labhartha aige nó aici le linn na vótála, nó, ina ionad nó ina hionad, is ag Cathaoirleach an choiste a bheidh an cead labhartha sin. Beidh deis aige nó aici tuairimí an choiste fhreagraigh ar na leasuithe a ndéantar vótáil orthu a chur in iúl go hachomair.