1. I gcás ceapachán, déanfar an vótáil le ballóid rúnda, ach sin gan dochar do Riail 15(1) agus Riail 204(2), an dara fomhír.
Nuair a bheidh an líon vótaí a caitheadh a ríomh, ní chuirfear san áireamh ach na páipéir bhallóide ar a bhfuil ainmneacha na n–iarrthóirí a ainmníodh.
2. Déanfar an vótáil le ballóid rúnda freisin má iarrann Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad amhlaidh. Ní mór iarrataí den sórt sin a dhéanamh sula dtosaíonn an vótáil.
3. Maidir le hiarraidh ar bhallóid rúnda, beidh tosaíocht aici ar iarraidh ar vótáil le glaoch rolla.
4. Déanfaidh idir beirt agus ochtar Feisirí, arna roghnú trí chrannchur, na vótaí a chaitear i mballóid rúnda a chomhaireamh mura rud é go ndéantar vótáil leictreonach.
I gcás vótálacha faoi mhír 1, ní ghníomhóidh iarrthóirí mar áiritheoirí.
Déanfar ainmneacha na bhFeisirí a ghlac páirt i mballóid rúnda a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí ar lena linn a seoladh an bhallóid.