Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 196 : Buanchoistí a chur ar bun (1)

Déanfaidh an Pharlaimint, ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán. buanchoistí a chur ar bun. Déanfar a gcuid freagrachtaí a shainiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (2). Glacfar an Iarscríbhinn sin le tromlach na vótaí a chaitear. Ceapfar a gcuid comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin tar éis atoghadh na Parlaiminte agus arís dhá bhliain go leith ina dhiaidh sin.

Is féidir freagrachtaí buanchoistí a shainiú ag tráth seachas an tráth a gcuirtear an coiste ar bun.

(1) An leagan de Riail 196 a mbeidh feidhm aige ó oscailt pháirtseisiúin Iúil 2019, tá sé ar fáil fresin san Aguisín a ghabhann leis an eagrán seo de na Rialacha Nós Imeachta.
(2) Féach Iarscríbhinn V.
An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais