Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL IX : ACHAINÍOCHA

Riail 216 : Achainíocha a scrúdú

1.   Déanfaidh an coiste freagrach achainíocha inghlactha a bhreithniú i gcúrsa a ghnáthghníomhaíochtaí, trí phlé a dhéanamh ag cruinniú rialta nó trí nós imeachta i scríbhinn. Féadfar a iarraidh ar achainígh páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid an choiste má tá plé le déanamh ar a n-achainí, nó féadfaidh na hachainígh a iarraidh a bheith i láthair. Is faoi rogha an Chathaoirligh a bheidh sé ceart labhartha a thabhairt d'achainígh.

2.   Maidir le hachainí inghlactha, féadfaidh an coiste a chinneadh tairiscint ghearr i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint, ar choinníoll go gcuirtear Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí ar an eolas roimh ré agus nach bhfuil aon agóid ina aghaidh sin ag Comhdháil na nUachtarán. Cuirfear tairiscintí i gcomhair rún den sórt sin ar an dréachtchlár oibre don pháirtseisiún a thionólfar tráth nach déanaí ná ocht seachtaine tar éis ghlacadh na dtairiscintí i gcomhair rúin sin. Déanfar vótáil aonair orthu. Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh Riail 151 a chur i bhfeidhm, agus mura ndéantar é sin cuirfearr na tairiscintí i gcomhair rúin chun vóta gan díospóireacht.

3.   gcás ina mbeartaíonn an coiste tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas faoi Riail 52(1) i ndáil le hachainí inghlactha agus a dhéileálann, go háirithe, le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú dhlí an Aontais, nó go moltar athruithe inti ar an dlí láithreach, déanfar an coiste atá freagrach as an ábhar a chomhlachú i gcomhréir le Riail 53 agus Riail 54. Glacfaidh an coiste freagrach, gan vóta, le moltaí maidir le codanna den tairiscint i gcomhair rúin a fhaightear ón gcoiste atá freagrach as an ábhar agus a dhéileálann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú dhlí an Aontais nó a dhéileálann le hathruithe sa dlí láithreach. Más rud é nach nglacfaidh an coiste freagrach le moltaí den sórt sin, féadfaidh an coiste comhlachaithe iad a chur síos go díreach i suí iomlánach.

4.   Féadfaidh sínitheoirí tacaíocht a thabhairt d’achainí atá inghlactha, nó féadfaidh siad an tacaíocht sin a tharraingt siar, ar Thairseach na nAchainíocha. Cuirfear an tairseach sin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

5.   Féadfaidh an coiste cúnamh a iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe i bhfoirm faisnéise ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais nó ar chomhlíonadh an dlí sin, agus i bhfoirm faisnéise nó doiciméid a bhaineann leis an achainí. Iarrfar ar ionadaithe an Choimisiúin freastal ar chruinnithe de chuid an choiste.

6.   Féadfaidh an coiste a iarraidh ar an Uachtarán tuairim nó moladh an choiste a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle nó chuig údarás an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhair gníomhaíochta nó freagra.

7.   Déanfaidh an coiste tuairisciú go bliantúil don Pharlaimint ar thoradh a chuid pléití agus, i gcás inarb iomchuí, ar na bearta a bheidh glactha ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún maidir le hachainíocha arna dtarchur ag an bParlaimint chucu.

Nuair a thabharfar an breithniú ar achainí inghlactha chun críche, dearbhófar go bhfuil sé arna chríochnú le cinneadh ón gcoiste.

8.   Déanfar na cinntí ábhartha uile a ghlacfaidh an coiste agus na cúiseanna leo a chur in iúl don achainíoch.

9.   Féadfar achainí a athoscailt le cinneadh ón gcoiste, má chuirtear fíorais ábhartha nua a bhaineann leis an achainí in iúl dó agus go n-iarrann an t-achainíoch amhlaidh.

10.   Déanfaidh an coiste, le tromlach a chomhaltaí, treoirlínte maidir le déileáil le hachainíocha a ghlacadh i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais