Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL XIV : FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Riail 228 : Siombailí an Aontais

1.   Aithneoidh agus glacfaidh an Pharlaimint na siombailí seo a leanas de chuid an Aontais:

-   an bhratach ar a dtaispeántar ciorcal ina bhfuil dháréag réalta órga ar chúlra gorm;

-   an roscamhrán atá bunaithe ar an 'Óid don Aoibhneas' ón Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven;

-   an mana “Aontaithe san éagsúlacht”.

2.   Ceiliúrfaidh an Pharlaimint Lá na hEorpa ar an 9 Bealtaine.

3.   Cuirfear an bhratach ar foluain ag gach áitreabh de chuid na Parlaiminte agus tráth ócáidí oifigiúla. Úsáidfear an bhratach i ngach seomra cruinnithe de chuid na Parlaiminte.

4.   Seinnfear an roscamhrán ag oscailt gach suí bunaithe agus ag suíonna sollúnta eile, go háirithe iad siúd chun fáilte a chur roimh cheannairí Stáit nó rialtais nó chun fáilte a chur roimh Bhallstáit nua tar éis méaduithe.

5.   Déanfar an mana a atáirgeadh ar dhoiciméid oifigiúla na Parlaiminte.

6.   Scrúdóidh an Biúró úsáidí eile le haghaidh na siombailí laistigh den Pharlaimint. Leagfaidh an Biúró síos forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na Rialach seo.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais