Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2019
EPUB 160kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI : FORMHEAS AN CHOIMISIÚIN AGUS FAIREACHÁN AR GHEALLTANAIS A RINNEADH I RITH NA N-ÉISTEACHTAÍ

Cuid I    – Toiliú na Parlaiminte i ndáil le coláiste iomlán an Choimisiúin

Airteagal 1 : An bunús don mheasúnacht

1.   Déanfaidh an Pharlaimint meastóireacht ar na Coimisinéirí ainmnithe bunaithe ar a n- inniúlachta ginearálta, a dtiomantais i leith na hEorpa agus a neamhspleáchais phearsanta. Déanfaidh sí measúnú ar a n-eolas faoina réimse freagrachta ionchasach agus ar a gcuid scileanna cumarsáide.

2.   Tabharfaidh an Pharlaimint aird ar leith ar chóimheá inscne. Féadfaidh sí a barúil a thabhairt faoi na cúraimí a leithdháilfidh an tUachtarán toghaí i ndáil leis na réimsí éagsúla freagrachta.

3.   Féadfaidh an Pharlaimint aon fhaisnéis a lorg atá ábhartha maidir le teacht ar chinneadh faoi inniúlacht na gCoimisinéirí ainmnithe. Beidh sí ag súil go ndéanfar nochtadh iomlán faisnéise i ndáil lena gcuid leasanna airgeadais. Déanfar dearbhuithe leasanna na gCoimisinéirí ainmnithe a chur chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla chun grinnscrúdú a dhéanamh orthu.

Airteagal 2 : Scrúdú a dhéanamh ar dhearbhú leasanna airgeadais

1.   Déanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla scrúdú ar dhearbhuithe leasanna airgeadais agus measúnú maidir le cibé a bhfuil inneachar an dearbhaithe a rinne coimisinéir ainmnithe cruinn agus iomlán agus cibé a féidir coinbhleacht leasa a ghlacadh mar thátal.

2.   Is réamhchoinníoll riachtanach maidir le hhéisteacht a thionól ag an gcoiste atá freagrach as an ábhar é go bhfaighfear deimhniú ón gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla á rá nach ann d'aon choinbhleacht leasa. In éagmais deimhniú den sórt sin, cuirfear an nós imeachta do cheapadh an Choimisinéara ainmnithe ar fionraí fad is a leantar den nós imeachta a leagtar síos i mír 3(c).

3.   Cuirfear na treoirlínte seo a leanas i bhfeidhm nuair a dhéanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla grinnscrúdú ar na dearbhuithe leasanna airgeadais:

(a)   más rud é, agus grinnscrúdú á dhéanamh ar dhearbhú leasanna airgeadais, go measann an Coiste, ar bhonn na ndoiciméad a bheidh tíolactha, go bhfuil an dearbhú beacht agus iomlán agus nach bhfuil aon rud ann a léiríonn coinbhleacht leasa iarbhír nó féideartha maidir le cúram an Choimisinéara ainmnithe, déanfaidh Cathaoirleach an choiste litir ag deimhniú an toraidh a sheoladh chuig na coistí atá freagrach as an éisteacht nó chuig na coistí bainteacha más rud é go dtarlaíonn nós imeachta i rith théarma oifige Coimisinéara;

(b)   má mheasann an Coiste go bhfuil faisnéis i ndearbhú leasanna Coimisinéara ainmnithe atá neamhiomlán nó frithráiteach, nó go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise, déanfaidh sé, de bhun an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, a iarraidh ar an gCoimisinéir ainmnithe faisnéis fhorlíontach a chur ar fáil gan moill mhíchuí agus déanfaidh sé an fhaisnéis a mheas agus déanfaidh sé anailís uirthi go cuí sula ndéanfaidh sé cinneadh. féadfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla a chinneadh , i gcás inarb iomchuí, cuireadh chun cainte a thabhairt don Choimisinéara ainmnithe;

(c)   má shainaithníonn an Coiste coinbhleacht leasa bunaithe ar an dearbhú leasanna airgeadais nó ar an bhfaisnéis fhorlíontach arna soláthar ag an gCoimisinéir ainmnithe, déanfaidh sé moltaí a tharraingt suas a mbeidh sé mar aidhm leo an choinbhleacht leasa a réiteach; féadfaidh tréigean na leasanna airgeadais atá i gceist nó go ndéanfadh Uachtarán an Choimisiúin athruithe ar chúram an Choimisinéara ainmnithe a bheith san áireamh sna moltaí; i gcásanna níos tromchúisí, mura n-aimsítear aon réiteach ar an gcoinbhleacht leasa, agus mar rogha dheiridh, féadfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla teacht ar an tátal nach bhfuil an Coimisinéir ainmnithe in ann a chuid nó a cuid feidhmeanna a fheidhmiú i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an gCód Iompair; fiafróidh Uachtarán na Parlaiminte ansin ar Uachtarán an Choimisiúin cad iad na céimeanna breise atá i gceist aige a thógáil.

Airteagal 3 : Éisteachtaí

1.   Iarrfar ar gach Coimisinéir ainmnithe láithriú os comhair an choiste iomchuí nó na gcoistí iomchuí le haghaidh éisteacht aonair.

2.   Ar mholadh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, eagróidh Comhdháil na nUachtarán agus na héisteachtaí. Beidh Cathaoirleach agus comhordaitheoirí gach coiste ar leith freagrach as na socruithe mionsonraithe. Féadfar rapóirtéirí a cheapadh.

3.   Déanfar socruithe iomchuí chun na coistí ábhartha a bheith rannpháirteach freisin i gcás réimsí freagrachta measctha a bheith ann. Tá trí rogha ann:

(a)   má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe faoi réimse freagrachta aon choiste amháin, is é an coiste sin amháin (an coiste atá freagrach) a thabharfaidh éisteacht don Choimisinéir ainmnithe;

(b)   má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe go cothrom, a bheag nó a mhór, faoi réimse freagrachta níos mó ná coiste amháin, is iad na coistí sin (coistí comhpháirteacha) a thabharfaidh éisteacht go comhpháirteach don Choimisinéir ainmnithe; agus

(c)   má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe faoi réimse freagrachta coiste amháin den chuid is mó agus nach dtagann ach cuid bheag den chúram faoi réimse freagrachta coiste amháin eile ar a laghad, is é an coiste is mó freagracht a thabharfaidh éisteacht don Choimisinéir ainmnithe déanfar é sin i gcomhlachas leis an gcoiste eile nó leis na coistí eile (coistí comhlachaithe)

4.   Rachfar i gcomhairle go hiomlán le hUachtarán toghaí an Choimisiúin faoi na socruithe.

5.   Cuirfidh na coistí ceisteanna i scríbhinn faoi bhráid na gCoimisinéirí ainmnithe in am trátha roimh na héisteachtaí. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí dhá cheist chomhchoiteanna a dhréachtú do gach Coimisinéir ainmnithe, saincheisteanna inniúlachta ginearálta, tiomantas don Eoraip agus neamhspleáchas pearsanta a bheidh i gceist sa chéad cheann, agus bainistiú an chúraim agus comhar leis an bParlaimint a bheidh i gceist sa dara ceann. Déanfaidh an coiste freagrach cúig cheist eile a thíolacadh; ní cheadófar fo-cheisteanna. I gcás coistí comhpháirteacha, tabharfar de cheart do gach ceann acu trí cheist a thíolacadh.

Foilseofar curriculum vitae na gCoimisinéirí ainmnithe agus a gcuid freagraí ar na ceisteanna i scríbhinn ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte roimh an éisteacht.

6.   Leagfar amach go mairfidh gach éisteacht trí huaire an chloig. Seolfar na héisteachtaí faoi chúinsí agus faoi choinníollacha ina mbeidh deis chomhionann agus chothrom ag na Coimisinéirí ainmnithe iad féin a chur in iúl agus a gcuid tuairimí a chur i láthair.

7.   Iarrfar ar na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas tosaigh ó bhéal a dhéanamh nach mairfidh níos faide ná 15 nóiméad. Déanfar suas le 25 ceist, grúpáilte le chéile de réir téama aon uair is féidir sin, a chur i rith na héisteachta. Féadfar ceist leantach amháin a chur láithreach laistigh den tréimhse ama leithdháilte. Déanfar formhór an ama labhartha a leithdháileadh ar ghrúpaí polaitiúla, mutatis mutandis i gcomhréir le Riail 162. Is é a bheidh mar aidhm ag na héisteachtaí ná comhrá polaitiúil iolraíoch a fhorbairt idir na Coimisinéirí ainmnithe agus na Feisirí. Roimh dheireadh na héisteachta, tabharfar an deis do na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas deiridh gairid a dhéanamh.

8.   Beidh tarchur closamhairc beo ann do na héisteachtaí a chuifear ar fáil saor in aisce don phobal agus do na meáin. Déanfar taifeadadh innéacsaithe de na héisteachtaí a chur ar fáil don phobal laistigh de 24 huaire an chloig.

Airteagal 4 : Meastóireacht

1.   Tiocfaidh an Cathaoirleach agus na comhordaitheoirí le chéile gan mhoill tar éis na héisteachta chun meastóireacht a dhéanamh ar na Coimisinéirí ainmnithe ar leithligh. Seolfar na cruinnithe sin i seomra iata. Iarrfar ar na comhordaitheoirí a rá, dar leo, an bhfuil na Coimisinéirí ainmnithe cáilithe chun bheith ina gcomhaltaí den choláiste agus chun na dualgais áirithe atá sannta dóibh a chomhlíonadh. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí múnla pro forma a dhearadh chun cabhrú leis an meastóireacht.

2.   I gcás coistí comhpháirteacha, gníomhóidh Cathaoirleach agus comhordaitheoirí na gcoistí lena mbaineann go comhpháirteach i rith an nós imeachta.

3.   Beidh litir mheastóireachta aonair ann do gach Coimisinéir ainmnithe. Cuirfear san áireamh tuairimí na gcoistí uile a mbeidh baint acu leis an éisteacht.

4.   Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas maidir le meastóireacht na gcomhordaitheoirí:

(a)   Má fhormheasann na comhordaitheoirí Coimisinéir ainmnithe d’aon ghuth, déanfaidh an Cathaoirleach litir fhormheasa a chur isteach thar a gceann.

(b)   Má dhiúltaíonn na comhordaitheoirí Coimisinéir ainmnithe d’aon ghuth, déanfaidh an Cathaoirleach litir dhiúltaithe a chur isteach thar a gceann.

(c)   Má fhormheasann comhordaitheoirí, arb ionann iad agus tromlach de dhá thrian ar a laghad de chomhaltas an choiste, Coimisinéir ainmnithe, déanfaidh an Cathaoirleach litir a chur isteach thar a gceann ina luaitear go bhformheasann tromlach mór an Coimisinéir ainmnithe. Déanfar tuairimí mionlaigh a lua arna iarraidh sin.

(d)   Mura n-éiríonn le comhordaitheoirí tromlach de dhá thrian ar a laghad de chomhaltas an choiste a fháil chun an t-iarrthóir a fhormheas, déanfaidh siad

-   faisnéis bhreise a iarraidh ar dtús trí cheisteanna i scríbhinn breise;
-   más rud é go bhfuil comhordaitheoirí míshásta i gcónaí, a iarraidh go mbeidh éisteacht atosaithe de 1.5 uair an chloig ann faoi réir fhormheas Chomhdháil na nUachtarán;

(e)   Más rud é, tar éis pointe (d) a chur i bhfeidhm, go bhformheasann comhordaitheoirí, arb ionann iad agus tromlach de dhá thrian ar a laghad de chomhaltas an choiste, Coimisinéir ainmnithe, déanfaidh an Cathaoirleach litir a chur isteach thar a gceann ina luaitear go bhformheasann tromlach mór an Coimisinéir ainmnithe. Déanfar tuairimí mionlaigh a lua arna iarraidh sin.

(f)   Más rud é, tar éis pointe (d) a chur i bhfeidhm, nach bhfuil tromlach comhordaitheoirí, arb ionann iad agus tromlach de dhá thrian ar a laghad de chomhaltas an choiste, fós ann chun an Coimisinéir ainmnithe a fhormheas, déanfaidh an Cathaoirleach cruinniú coiste a chomóradh agus déanfar an dá cheist a luaitear in Airteagail 3(1) a chur faoi vóta. Cuirfidh an Cathaoirleach litir isteach ina luaitear meastóireacht an choiste.

5.   Déanfar litreacha meastóireachta na gcoistí a tharchur laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh an phróisis meastóireachta a thabhairt chun críche. Scrúdóidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí na litreacha agus, ina dhiaidh sin, seolfar chuig Comhdháil na nUachtarán iad. Mura rud é go gcinneann sí tuilleadh faisnéise a lorg, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán, tar éis tuairimí a mhalartú, a dhearbhú go bhfuil deireadh leis na héisteachtaí agus údaróidh sé foilsiú na litreacha meastóireachta go léir.

Airteagal 5 : Tíolacadh an choláiste

1.   Tabharfar cuireadh d’Uachtarán nuathofa an Choimisiúin Coláiste iomlán na gCoimisinéirí ainmnithe agus a gclár a thíolacadh ag suí den Pharlaimint agus tabharfar cuireadh d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus d’Uachtarán na Comhairle a bheith i láthair ag an suí sin. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an tíolactha. Chun an díospóireacht a thabhairt chun críche, féadfaidh aon ghrúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm ag Riail 123(3) go (5b).

2.   Tar éis na vótála ar an tairiscint i gcomhair rúin, déanfaidh an Pharlaimint vótáil i dtaobh an dtugann sí, nó nach dtugann sí, a toiliú le ceapadh an Uachtaráin thoghaí agus na gCoimisinéirí ainmnithe mar chomhlacht. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh le tromlach na vótaí a chaitear, trí ghlaoch rolla. Féadfaidh sí an vótáil a chur siar go dtí an chéad suí eile.

Airteagal 6 : Faireachán ar ghealltanais a rinneadh i rith na n-éisteachtaí

Déanfaidh an coiste freagrach na tiomantais a thug Coimisinéirí ainmnithe agus na tosaíochtaí ar a ndearna siad trácht i rith na n-éisteachtaí a athbhreithniú i rith a shainordú nó a sainordú, i gcomhthéacs an idirphlé struchtúrtha bliantúil leis an gCoimisiún a dhéantar i gcomhréir le mír 1 d’Iarscríbhinn 4 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach.

Cuid II    – Athrú substaintiúil ar chúraimí nó athrú ar chomhdhéanamh Choláiste na gCoimisinéirí le linn a théarma oifige

Airteagal 7 : Folúntas

Nuair atá folúntas a tharlaíonn mar gheall ar éirí as oifig, scor éigeantach nó bás le líonadh, déanfaidh an Pharlaimint, ag gníomhú di le dithneas, a iarraidh ar an gCoimisinéir ainmnithe páirt a ghlacadh in éisteacht faoi na coinníollacha céanna atá leagtha síos i mír 1.

Airteagal 8 : Aontachas Ballstáit nua

I gcás aontachas Ballstáit nua, iarrfaidh an Pharlaimint ar an gCoimisinéir ainmnithe páirt a ghlacadh in éisteacht faoi na coinníollacha céanna a leagtar síos i gCuid 1.

Airteagal 9 : Athrú substaintiúil ar chúraimí

I gcás ina dtarlaíonn athrú substaintiúil ar chúraimí le linn théarma oifige an Choimisiúin, iarrfar ar na Coimisinéirí lena mbaineann páirt a ghlacadh in éisteacht faoi na coinníollacha céanna a leagtar síos i gCuid 1 sula dtugann siad faoina bhfreagrachtaí nua.

Airteagal 10 : Vótáil i suí iomlánach

De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos i Riail 118(7), an t-ochtú fomhír, nuair a bhainfidh an vóta sa suí iomlánach le ceapadh Coimisinéara aonair, is le ballóid rúnda a dhéanfar an vótáil.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais