Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2019
EPUB 160kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 4 : GRÚPAÍ POLAITIÚLA

Riail 32 : Grúpaí polaitiúla a bhunú agus a dhíscaoileadh

1.   Féadfaidh na Feisirí iad féin a bhunú i ngrúpaí de réir a gcleamhnachtaí polaitiúla.

Ní bheidh call don Pharlaimint de ghnáth meastóireacht a dhéanamh ar chleamhnacht pholaitiúil comhaltaí grúpa. Nuair a bhunaíonn Feisirí grúpa le chéile faoin Riail seo, glacann na Feisirí lena mbaineann leis, uaidh sin, go bhfuil cleamhnacht pholaitiúil eatarthu. Más rud é go séanfaidh na Feisirí lena mbaineann nach amhlaidh atá, is sa chás sin amháin a bheidh ar an bParlaimint a mheas an ndearnadh an grúpa a chomhdhéanamh i gcomhréir leis na Rialacha.

2.   Beidh grúpa polaitiúil comhdhéanta d'Fheisirí arna dtoghadh sa cheathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit. Is é 25 líon íosta na bhFeisirí is gá chun grúpa polaitiúil a bhunú.

3.   thiteann grúpa polaitiúil faoi cheann amháin de na tairseacha is gá, féadfaidh an tUachtarán, le comhaontú Chomhdháil na nUachtarán, cead a thabhairt don ghrúpa lena mbaineann leanúint de bheith ar marthain go dtí an chéad suí bunaithe eile den Pharlaimint, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

-   go leanann a líon Feisirí de bheith ionadaitheach don chúigiú cuid ar a laghad de naBallstáit;

-   go bhfuil an grúpa ar marthain ar feadh tréimhse is faide ná aon bhliain amháin.

Ní chuirfidh an tUachtarán an maolú seo i bhfeidhm i gcás ina bhfuil dóthain fianaise ann is ábhar d'amhras go bhfuil drochúsáid á baint as.

4.   Ní fhéadfaidh Feisire a bheith i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin.

5.   Nuair a chuirtear grúpa polaitiúil ar bun, cuirfear an méid sin in iúl don Uachtarán i ráiteas. Sonrófar sa ráiteas sin:

-   ainm an ghrúpa,

-   dearbhú polaitiúil, lena leagtar amach cuspóir an ghrúpa, agus

-   ainmneacha a chomhaltaí agus chomhaltaí an bhiúró.

Déanfaidh comhaltaí uile an ghrúpa a dhearbhú i scríbhinn in iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas go bhfuil an chleamhnacht pholaitiúil chéanna acu.

6.   Beidh an ráiteas i gceangal le miontuairiscí an pháirtseisiúin ar lena linn a dhéanfar an fógra maidir le bunú an ghrúpa pholaitiúil.

7.   Fógróidh an tUachtarán bunú na ngrúpaí polaitiúla sa Pharlaimint. Beidh éifeacht dhlíthiúil chúlghabhálach ag an bhfógra sin ón nóiméad a thug an grúpa fógra don Uachtarán faoina bhunú i gcomhréir leis an Riail seo.

Fógróidh an tUachtarán freisin díscaoileadh na ngrúpaí polaitiúla sa Pharlaimint. Gabhfaidh éifeacht dhlíthiúil le fógra den sórt sin an lá tar éis an lae nach raibh na coinníollacha maidir le bheith ar marthain á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an ngrúpa polaitiúil.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais