1. Féadfaidh an Pharlaimint plé a dhéanamh, a clár oibre a shocrú agus na miontuairiscí a fhormheas, is cuma cá mhéad Feisire atá i láthair.
2. Beidh córam ann nuair atá trian de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair sa Seomra.
3. Beidh na vótaí go léir bailí is cuma líon na bhFeisirí a vótálann mura rud é go suífidh an tUachtarán, ar iarraidh arna déanamh ag 40 Feisire ar a laghad roimh an vótáil, nach bhfuil an córam i láthair. Mura bhfuil an líon Feisirí atá ag teastáil chun córam a dhéanamh i láthair, dearbhóidh an tUachtarán nach bhfuil córam i láthair, agus cuirfear an vótáil ar an gclár oibre don chéad suí eile.
Féadfar úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach chun an tairseach de 40 Feisire a sheiceáil, ach ní féidir é a úsáid chun an córam a sheiceáil. Ní fhéadfar doirse an tSeomra a dhúnadh.
4. Ní mór do na Feisirí a iarrann go suífí an córam a bheith i láthair sa Seomra nuair a dhéantar an iarraidh, agus áireofar iad mar Fheisirí atá i láthair de réir bhrí mhír 2 agus mhír 3, fiú má fhágann siad an Seomra ina dhiaidh sin.
5. Má tá níos lú ná 40 Feisire i láthair, féadfaidh an tUachtarán a rialú nach ann don chóram.