Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2019
EPUB 160kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5 : CÓRAM, LEASUITHE AGUS VÓTÁIL

Riail 180 : Vótáil le glaoch rolla (1)

1.   De bhreis ar na cásanna dá bhforáiltear sna Rialacha seo, déanfar an vótáil le glaoch rolla má iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad amhlaidh ar a dhéanaí an tráthnóna roimh an vótáil, mura rud é go socraíonn an tUachtarán teorainn ama eile.

Níl feidhm ag forálacha Riail 180 a bhaineann le vótáil le glaoch rolla maidir leis na tuarascálacha dá bhforáiltear i Riail 8(2) agus Riail9(3), (6) agus (8) i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le díolúine Feisire.

2.   Ní fhéadfaidh aon ghrúpa polaitiúil níos mó ná céad iarraidh ar vótáil le glaoch rolla a chur síos in aghaidh an pháirtseisiúin.

3.   Déanfar an vótáil le glaoch rolla trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach.

I gcás nach féidir an córas sin a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfar an rolla a ghlaoch in ord aibítre, ag tosú le hainm Feisire a tharraingeofar trí chrannchur. Is é an tUachtarán an duine deiridh a ghlaofar chun vóta a chaitheamh. Is ó bhéal a dhéanfar an vótáil agus déanfar é sin trí na focail "Tá", "Níl", nó "Staonaim" a rá.

4.   Déanfar na vótaí a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí de réir grúpa pholaitiúil in ord aibítre ainmneacha na bhFeisirí, agus léireofar an tslí ar vótáil siad.

(1) Tá feidhm ag Riail 180(3) agus (4) mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 209).
An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais