1. Scrúdóidh buanchoistí ceisteanna a tharchuireann an Pharlaimint chucu nó, le linn an seisiún a bheith ar atráth, ceisteanna a tharchuireann an tUachtarán chucu thar ceann Chomhdháil na nUachtarán.
2. Más rud é go bhfuil dhá bhuanchoiste nó níos mó inniúil chun déileáil le ceist, ainmneofar coiste amháin mar an coiste freagrach agus ainmneofar na coistí eile mar choistí a n-iarrfar tuairimí orthu.
Ach ní dhéanfar ceist a tharchur go comhuaineach chuig níos mó ná trí choiste, mura rud é go ndéantar cinneadh imeacht ón riail seo faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1.
3. Féadfaidh aon dá choiste nó níos mó nó aon dá fhochoiste nó níos mó nithe a thagann faoi réim a n-inniúlachta a bhreithniú go comhpháirteach, ach ní fhéadfaidh siad cinneadh a ghlacadh go comhpháirteach ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Riail 55.
4. Féadfaidh aon choiste, le comhaontú ó chomhlachtaí ábhartha na Parlaiminte, treoir a thabhairt do dhuine amháin nó níos mó dá chomhaltaí tabhairt faoi staidéar nó faoi mhisean aimsithe fíoras.