Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Márta 2019
EPUB 161kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

AGUISÍN : AN LEAGAN DE RIALACHA 11(6), 196 GO 200, 204 AGUS 212 IS INFHEIDHME Ó OSCAILT PHÁIRTSEISIÚIN IÚIL 2019 (I gCOMHRÉIR LE CINNTÍ AN 13 NOLLAIG 2013 AGUS 31 EANÁIR 2019 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA)

Riail 11

6.   Staonfaidh na Feisirí d’aon chineál ciaptha síceolaí nó gnéis agus urramóidh siad an Cód iompair iomchuí d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid dualgas, ar cód é atá ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh an dearbhú a bhaineann leis an gCód sin sínithe acu.

Riail 196 : Buanchoistí a chur ar bun

Déanfaidh an Pharlaimint, ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán. buanchoistí a chur ar bun. Déanfar a gcuid freagrachtaí a shainiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta se(1). Glacfar an Iarscríbhinn sin le tromlach na vótaí a chaitear. Toghfarr a gcuid comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin tar éis atoghadh na Parlaiminte.

Is féidir freagrachtaí buanchoistí a ath-shainiú ag tráth seachas an tráth a gcuirtear an coiste ar bun.

Riail 197 : Coistí speisialta

1.   Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint, aon tráth, coistí speisialta a chur ar bun, a ndéanfar a gcuid freagrachtaí, a chomhdhéanamh agus a dtéarma oifige a shainiú ag an am céanna a dhéantar an cinneadh chun iad a chur ar bun.

2.   Ní fhéadfaidh téarma oifige na gcoistí speisialta dul thar 12 mhí, ach amháin i gcás ina bhfadaíonn an Pharlaimint an téarma roimh dó dul in éag. Mura rud é go gcinntear a mhalairt i gcinneadh na Parlaiminte chun an coiste speisialta a chur ar bun, tosóidh a théarma oifige ó dháta a chruinnithe tionscnaimh.

3.   Ní bheidh an ceart ag coistí speisialta tuairimí a thabhairt do choistí eile.

Riail 198 : Coistí fiosrúcháin

1.   I gcomhréir le hAirteagal 226 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2 de Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGS ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún(2), féadfaidh Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin ag an gceathrú cuid de na comhaltaí a chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe nó ar dhrochriarachán líomhnaithe le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, ar nithe iad ar dealraitheach iad a bheith ina ngníomh de chuid institiúide nó comhlachta de chuid an Aontais Eorpaigh, nó de chuid chomhlachta riaracháin phoiblí Ballstáit, nó de chuid daoine a bhfuil an chumhacht acu, faoi dhlí an Aontais, chun an dlí sin a chur chun feidhme.

Ní fhéadfar leasú a dhéanamh ar ábhar an fhiosrúcháin arna shainiú ag an gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint ná ar an tréimhse a leagtar síos i mír 11.

2.   Maidir leis an gcinneadh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é laistigh d'aon mhí amháin dá dhéanamh.

3.   Rialófar modus operandi coiste fiosrúcháin leis na forálacha de na Rialacha a bhaineann le coistí, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sa Riail seo agus agus i gCinneadh.

4.   Maidir leis an iarraidh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, ní mór ábhar an fhiosrúcháin a shonrú go beacht inti agus ní mór ráiteas mionsonraithe ar na forais is bun leis an bhfiosrúchán a bheith san áireamh inti. Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh i dtaobh an gcuirfear coiste ar bun agus, más chinneann amhlaidh, a líon comhaltaí.

5.   Ní bheidh sé an ceart ag coistí fiosrúcháin tuairimí a thabhairt do choistí eile.

6.   Ag céim ar bith le linn a imeachtaí, ní fhéadfaidh ach lánchomhaltaí amháin nó, i gcás iad a bheith as láthair, comhaltaí ionaid vótáil i gcoiste fiosrúcháin.

7.   Toghfaidh coiste fiosrúcháin a Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh féin agus ceapfaidh sé rapóirtéir amháin nó níos mó. Féadfaidh an coiste, freisin, freagrachtaí, dualgais nó cúraimí sonracha a shannadh dá chomhaltaí agus ní mór do na comhaltaí sin tuairisc mhionsonraithe ina leith sin a thabhairt don choiste ina dhiaidh sin.

8.   Sa tréimhse idir cruinniú amháin agus ceann eile, déanfaidh comhordaitheoirí an choiste, i gcásanna práinne nó riachtanais, cumhachtaí an choiste a fheidhmiú, ach sin faoi réir daingnithe ag an gcoiste sin ag a chéad chruinniú eile.

9.   Maidir leis na teangacha a úsáidfear, cuirfidh coiste fiosrúcháin forálacha Riail 158 i bhfeidhm. Mar sin féin:

-   féadfaidh biúró an choiste ateangaireacht a shrianadh do theangacha oifigiúla chomhaltaí an choiste a bheidh páirteach sa phlé, má mheasann sé gur gá sin ar chúiseanna rúndachta,

-   déanfaidh biúró an choiste cinneadh faoi aistriúchán ar na doiciméid a fhaightear a sholáthar ar shlí ina n-áiritheofar gur féidir leis an gcoiste a phlé a dhéanamh go héifeachtach agus go tapa, agus ina n-áiritheofar go n-urramaítear an tsicréideacht agus an rúndacht is gá.

10.   In áit ina dtugann sáruithe líomhnaithe nó drochriarachán líomhnaithe i gcur chun feidhme dhlí an Aontais le fios go bhféadfadh comhlacht nó údarás de Bhallstát a bheith freagrach, féadfaidh an coiste fiosrúcháin a iarraidh ar pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann comhoibriú leis an bhfiosrúchán.

11.   Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh dhá uair an tréimhse sin a fhadú ar feadh tréimhse trí mhí. Más iomchuí, féadfar seasaimh mhionlaigh a bheith sa tuarascáil i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Riail 52a. Déanfar an tuarascáil a fhoilsiú.

Ar iarraidh a fháil ón gcoiste fiosrúcháin, seolfaidh an Pharlaimint díospóireacht ar an tuarascáil ag an bpáirtseisiún tar éis an tuarascáil a thíolacadh.

12.   Féadfaidh an coiste dréachtmholadh arna dhíriú chuig institiúidí nó comhlachtaí an Aontais.

13.   Treoróidh an tUachtarán don choiste freagrach, faoi Iarscríbhinn VI, faireachán a dhéanamh ar an ngníomhaíocht a dhéantar i leith thorthaí obair an choiste fiosrúcháin agus, más iomchuí, tuairisc a thabhairt air sin. Déanfaidh an tUachtarán aon bhearta breise a mheastar is cuí lena chinntiú go ndéantar gníomh praiticiúil i ndáil le conclúidí an fhiosrúcháin.

Riail 199 : Comhdhéanamh Coistí

1.   Déanfaidh na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte comhaltaí a cheapadh do na coistí, do na coistí speisialta agus do na coistí fiosrúcháin.

Socróidh Comhdháil na nUachtarán spriocdháta faoina ndéanfaidh grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte a gceapacháin a chur in iúl don Uachtarán, agus fogróidh seisean don Pharlaimint iad.

2.   I gcás nach mbeidh aon chomhaontú i measc na ngrúpaí polaitiúla ar a ualach comhréireach laistigh de choiste sonrach amháin nó níos mó, is í Comhdháil na nUachtarán a dhéanfaidh an cinneadh.

gcás nach mbeidh aon chomhaontú i measc na ngrúpaí polaitiúla ar a ualach comhréireach laistigh de choiste sonrach amháin nó níos mó, is í Comhdháil na nUachtarán a dhéanfaidh an cinneadh.

3.   Má chinnfidh grúpa polaitiúil gan suíocháin a ghlacadh ar choiste, nó má mhainneoidh sé a chomhaltaí a cheapadh laistigh den spriocdháta arna leagan síos ag Comhdháil na nUachtarán, fanfaidh na suíocháin atá i gceist folamh. Ní cheadaítear malartú suíochán idir grúpaí polaitiúla.

4.   I gcás ina mbeidh sé mar thoradh ar athrú grúpa polaitiúil ag Feisire go gcuirtear isteach ar dháileadh comhréireach na suíochán coiste mar atá sainmhínithe i mír 2, agus nach bhfuil aon chomhaontú idir grúpaí polaitiúla le comhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach ann a chinntiú, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán na cinntí is gá.

5.   Déanfar aon mhodhnuithe a chinnfidh grúpaí polaitiúla agus Comhaltaí neamhcheangailte maidir leis na ceapacháin a chur in iúl don Uachtarán, a fhógróidh don Pharlaimint iad ar a dhéanaí ag tús an chéad shuí eile. Tiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm ó lá an fhógra sin.

6.   Féadfaidh na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte roinnt ionadaithe a cheapadh do gach coiste nach mó ná líon na gcomhaltaí iomlána a bhfuil an grúpa polaitiúil nó na Feisirí neamhcheangailte i dteideal a cheapadh sa choiste. Cuirfear an tUachtarán ar an eolas dá réir sin. Beidh na hionadaithe seo i dteideal freastal agus labhairt ag cruinnithe coiste agus, má tá an comhalta iomlán as láthair, páirt a ghlacadh sa vótáil.

7.   I gcás nach bhfuil an lánchomhalta i láthair agus i gcás nár ceapadh ionadaithe nó má tá siad as láthair, féadfaidh an lánchomhalta a shocrú go ndéanfaidh ball eile den ghrúpa polaitiúil céanna ionadaíocht air nó uirthi ag cruinnithe, nó, i gcás gur Feisire neamhcheangailte an comhalta, go ndéanfaidh Feisire neamhcheangailte eile, a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh, ionadaíocht air nó uirthi. Cuirfear Cathaoirleach an choiste ar an eolas faoi thús an tseisiúin vótála ar a dhéanaí.

Ní foláir an réamhfhógra dá bhforáiltear san abairt dheireanach de mhír 7 a thabhairt roimh dheireadh na díospóireachta nó roimh an vóta a oscailt ar an mír nó ar na míreanna a bhfuil ionadú á dhéanamh ar an lánchomhalta ina leith.

I gcomhréir leis an Riail seo:

–   beidh stádas lánchomhalta nó ionadaí de choiste ag brath go heisiach ar bhallraíocht i ngrúpa polaitiúil áirithe;

–   más rud é go n-athraíonn líon comhaltaí iomlán an ghrúpa pholaitiúil i gcoiste, déanfaidh an líon uasta d'ionadaithe buan a fhéadfaidh sé a cheapadh don choiste sin athrú dá réir sin;

–   Feisirí a n-athraíonn a ngrúpa polaitiúil, ní fhéadfaidh siad stádas lánchomhalta coiste nó stádas ionadaí coiste a raibh acu mar bhaill dá ngrúpa bunaidh a choinneáil;

–   ní fhéadfaidh comhalta coiste faoi aon imthosca a bheith ina ionad do chomhghleacaí a bhaineann le grúpa polaitiúil eile.

Riail 200 - Comhaltaí ionaid : (scriosta)

Riail 204 : Biúrónna na gcoistí

1.   Ag an gcéad chruinniú de chuid coiste tar éis cheapadh chomhaltaí an choiste de bhun Riail 199, agus arís dhá bhliain go leith ina dhiaidh sin, toghfaidh an coiste biúró a bheidh comhdhéanta de Chathaoirleach agus de Leas-Chathaoirligh as measc a lánchomhaltaí i mballóidí ar leithligh. Ar bhonn togra ó Chomhdháil na nUachtarán, cinnfidh an Pharlaimint líon na Leas-Chathaoirleach a bheidh le toghadh. Ní mór go léireodh comhdhéanamh bhiúró gach coiste éagsúlacht na Parlaiminte; ní bheidh sé incheadaithe biúró a bheith ann ar fir nó ar mná iad na comhaltaí uile nó gur ón mBallstát céanna na Leas-Chathaoirligh uile.

2.   I gcás ina gcomhlíonann líon na n-ainmniúcháin le líon na suíochán a bheidh le líonadh, déanfar an toghadh d’aon gháir. Mar sin féin, má tá níos mó ná iarrthóir amháin ar bhallóid áirithe, nó má dhéanann baill nó grúpa nó grúpa polaitiúil a bhain amach an t-ard-thairseach ar a laghad sa choiste vóta a iarraidh, déanfar an toghchán a reáchtáil trí bhallóid rúnda.

Mura bhfuil ach iarrthóir amháin ann, déanfar an toghchán ar bhonn thromlach iomlán na vótaí a caitheadh, ar son agus in aghaidh.

Má tá níos mó ná iarrthóir amháin ann, déanfar an t-iarrthóir a fhaigheann tromlach iomlán na vótaí a chaithfear sa chéad bhallóid a thoghadh. Ag an dara ballóid, déanfar an t-iarrthóir a fhaigheann an líon is airde vótaí a thoghadh. I gcás comhionannas vótaí, déanfar an t-iarrthóir is sine a thoghadh.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na Rialacha seo a leanas maidir le hOifigigh na Parlaiminte maidir le coistí: Riail 14 (Cathaoirleach Sealadach), Riail 15 (Ainmniúcháin agus forálacha ginearálta), Riail 16 (Toghchán an Uachtaráin - aitheasc tosaigh), Riail 19 (Téarma oifige na nOifigeach ) agus Riail 20 (Folúntais).

Riail 212 : Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha a chur ar bun agus dualgais na dtoscaireachtaí sin

1.   Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, cuirfidh an Pharlaimint buantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha ar bun agus déanfaidh sí a gcineál agus líon a gcomhaltaí a chinneadh i bhfianaise na ndualgas a bheidh orthu. Ceapfaidh na grúpaí polaitiúla nó na Feisirí neamhcheangailte na comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin nó an dara páirtseisiún tar éis atoghadh na Parlaiminte agus toghfar iad go ceann ré an téarma pharlaimintigh.

2.   Áiritheoidh na grúpaí polaitiúla a mhéid is féidir go mbeidh ionadaíocht chothrom ar Bhallstáit, ar thuairimí polaitiúla agus ar inscne. Ní fhéadfar go mbeidh an náisiúntacht chéanna ag níos mó ná an tríú cuid de chomhaltaí toscaireachta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 199.

3.   Déanfar biúrónna na dtoscaireachtaí a chomhdhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos do na buanchoistí i Riail 204.

4.   Cinnfidh an Pharlaimint cumhachtaí ginearálta gach toscaireachta aonair. Féadfaidh sí a chinneadh, aon tráth, na cumhachtaí sin a mhéadú nó a shrianadh.

5.   Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán, ar thogra ó Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí, na forálacha cur chun feidhme a ghlacadh is gá chun a chumasú do na toscaireachtaí a gcuid oibre a dhéanamh.

6.   Tuairisceoidh Cathaoirleach toscaireachta ar ais go tráthrialta ar ghníomhaíochtaí na toscaireachta don choiste atá freagrach as gnóthaí eachtracha.

7.   Tabharfar deis do Chathaoirleach toscaireachta éisteacht a fháil os comhair coiste más rud é go mbaineann mír ar an gclár oibre le réimse freagrachta na toscaireachta sin. Beidh feidhm ag an bhforáil chéanna i leith Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste sin i gcás cruinnithe de chuid na toscaireachta.

(1)Féach Iarscríbhinn V.
(2)Cinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGS ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir le forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (IO L 113, 19.5.1995, lch. 1.).
An nuashonrú is déanaí: 13 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais