Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Márta 2019
EPUB 161kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 1 : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 42 : Scrúdú a dhéanamh ar urraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

1.   Le linn an scrúdaithe ar thogra le haghaidh gníomh reachtach, tabharfaidh an Pharlaimint aird ar leith ar urraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

2.   Ní fhéadfaidh ach an coiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta a chinneadh moltaí a thabhairt ar aird don choiste atá freagrach as an ábhar i ndáil le togra le haghaidh gníomh reachtach.

3.   Ach amháin sna cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, ní rachaidh an coiste atá freagrach as an ábhar ar aghaidh lena vótáil chríochnaitheach sula rachaidh an tréimhse ocht seachtaine in éag mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

4.   Má sheolann parlaimint náisiúnta tuairim réasúnaithe chuig an Uachtarán i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh.1, tarchuirfear an doiciméad sin chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar agus cuirfear ar aghaidh é mar eolas chuig an gcoiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta.

5.   I gcás inarb ionann líon na dtuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra le haghaidh gníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta agus trian ar a laghad de na vótaí uile arna leithroinnt ar na parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 7(1) de Phrótacal Uimh.2, nó an ceathrú cuid de na vótaí sin i gcás togra le haghaidh gníomh reachtach arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 76 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní dhéanfaidh an Pharlaimint cinneadh go dtí go gcuirfidh údar an togra in iúl conas a bheartaíonn sé leanúint ar aghaidh.

6.   Más rud é, faoin ngnáthnós imeachta reachtach, gurb ionann líon na dtuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra le haghaidh gníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta agus tromlach simplí ar a laghad de na vótaí uile arna leithroinnt ar na parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 7(1) de Phrótacal Uimh. 2, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar, tar éis dó na tuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh ag na parlaimintí náisiúnta agus ag an gCoimisiún a bhreithniú, agus tar éis dó éisteacht a thabhairt do thuairimí an choiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta, moladh a dhéanamh don Pharlaimint an togra a dhiúltú ar an bhforas go sáraítear prionsabal na coimhdeachta nó féadfaidh sé aon mholadh eile a chur faoi bhráid na Parlaiminte ar moladh é a bhféadfaidh barúlacha a bheith ann maidir le leasuithe a bhaineann le hurraim do phrionsabal na coimhdeachta. Déanfar an tuairim a thabharfaidh an coiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta a chur i gceangal le haon mholadh den sórt sin.

Cuirfear an moladh sin faoi bhráid na Parlaiminte i gcomhair díospóireachta agus vótála. Má dhéantar moladh chun diúltú don togra a ghlacadh le tromlach na vótaí a chaitear, dearbhóidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta tugtha chun críche. I gcás nach ndiúltóidh an Pharlaimint don togra, leanfaidh an nós imeachta ar aghaidh, agus aon mholtaí a fhormheasfaidh an Pharlaimint á gcur i gcuntas.

An nuashonrú is déanaí: 13 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais