TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 5 : GNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA
Riail 84 : Comhdhéanamh na Parlaiminte
In am trátha roimh dheireadh téarma pharlaimintigh, féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascála arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le Riail 45 agus Riail 52, togra a dhéanamh chun a comhdhéanamh a mhodhnú. Déanfaidh an Pharlaimint an dréachtchinneadh ón gComhairle Eorpach lena mbunaítear comhdhéanamh na Parlaiminte a scrúdú i gcomhréir le Riail 99.