Riail 97 : An nós imeachta atá le cur i bhfeidhm le linn meastacháin na Parlaiminte a tharraingt suas
1. Maidir le buiséad na Parlaiminte, glacfaidh an Biúró agus an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha cinntí i gcéimeanna comhleanúnacha ar na nithe seo a leanas:
(a) an plean bunaíochta;
(b) an réamhdhréacht agus na dréachtmheastacháin.
2. Déanfar na cinntí a bhaineann leis an bplean bunaíochta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas:
(a) déanfaidh an Biúró an plean bunaíochta a tharraingt suas do gach bliain airgeadais;
(b) cuirfear tús le nós imeachta idir-réitigh idir an Biúró agus an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha i gcásanna nach ionann tuairim an choiste sin agus na cinntí tosaigh a ghlac an Biúró;
(c) ag deireadh an nós imeachta, glacfaidh an Biúró an cinneadh críochnaitheach ar na meastacháin don phlean bunaíochta, i gcomhréir le Riail 222(3), ach sin gan dochar do na cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
3. Maidir leis na meastacháin féin, cuirfear tús leis an nós imeachta chun na meastacháin a tharraingt suas a luaithe agus a bheidh an cinneadh críochnaitheach glactha ag an mBiúró ar an bplean bunaíochta. Is iad céimeanna an nós imeachta sin ná na céimeanna sin a leagtar síos i Riail